Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ṫárla, agus sinn ag dul fá ḋéin áite an urnaiġṫe, gur casaḋ orainn cailín ’n‐a raiḃ spioraid asarlaiḋeaċta, agus do ḃíoḋ sí ag gnóṫú móráin d’a máistriḃ ag déanaṁ fáistíneaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ṫárla, ag dul ċun urnaiġe dúinn, gur casaḋ orainn cailín áiriṫe, a raiḃ spiorad fáistine inntí, agus a ġnóṫuiġ brabús mór dá cuid máiġistrí tré ḋéanaṁ feasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 agus do ṫárla, agus sinn ag dul ċun úrnuiġṫe, go dtáinig ar an sliġe róṁainn cailín n-a raiḃ spioraid ṗútónaċ inti. Agus do ġeiḃeaḋ sí mórán saiḋḃris do’n ṁuinntir go mba leó í, ag taḃairt feasa uaiṫi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus tárla, ag dul ḋúinn do ḋéunaṁ urnaiġe, go dtárla cailín áiriġe oruinn agá raiḃ spiorad faisdine, fuair fáḃaltus mór dá tiġearnuiḃ féin lé fáisdine do ḋéunaṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:16
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuamar amaċ an geata lá na sabóide cois aḃann, mar ar ċeapamar go raiḃ áit urnaiġṫe; agus ’n‐ár suiḋe ḋúinn, do ḃíomar ag laḃairt leis na mnáiḃ do ḃí cruinniġṫe ann.


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


Aċt nuair do ċonnaic a máistrí naċ raiḃ súil le saiḋḃreas a ṫuilleaḋ aca, rugadar ar Ṗól agus as Ṡilas, agus ṫarraingeadar iad go h‐áit an ṁargaiḋ, i láṫair na riaġlóir,


Óir do ḃí fear aṁáin darḃ ainm Demétrius, gaḃa geal, do ḃíoḋ ag déanaṁ scrín airgid do Ḋiana, agus ḃíoḋ brabaċ nár ḃeag ag dul d’á ċeárdaiḋṫiḃ de ḃárr an ġnó;


íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad,


Óir fréaṁ an uile ṡaġais uile is eaḋ gráḋ an airgid, agus g‐á ṡanntú do ḋaoiniḃ áiriṫe, do ċuadar ar fán ó’n gcreideaṁ, agus is iomḋa arraing le n‐ar ṫolladar iad féin.


Agus fá mar ċuir Iannes agus Iambrés i n‐aġaiḋ Ṁaoise, mar sin is eaḋ atá na fir sin ag cur i n‐aġaiḋ na fírinne; fir go ḃfuil a n‐aigne truailliġṫe, agus iad ar mearḃall i dtaoḃ an ċreidiṁ.


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ