Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus do ċuamar amaċ an geata lá na sabóide cois aḃann, mar ar ċeapamar go raiḃ áit urnaiġṫe; agus ’n‐ár suiḋe ḋúinn, do ḃíomar ag laḃairt leis na mnáiḃ do ḃí cruinniġṫe ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus lá na sabóide ċuaḋamar amaċ taoḃ amuiġ de’n ġeafta cois aḃann, mar a ḃfacṫas dúinn urnaiġe a ḃeiṫ ar siuḃal: agus ar ṡuiḋe síos dúmn, laḃramar leis na mná a ḃí cruinniġṫe ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus lá na sabbóide ċuamair amaċ an geata i n-aice aḃan, mar ar saṁluiġeaḋ úrnuiġṫe ḃeiṫ ar siúḃal, agus do ṡuiḋeamair ann agus ḃíomair ag cainnt le mnáiḃ a ḃí cruinniġṫe ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ċúamar a maċ as an gcaṫruiġ lá na sábboide ċois a tsroṫá, mar a ngnáṫuiġṫí urnaiġe do ḋéunaṁ; agus ar suiḋe ḋúinn ann sin, do laḃramar re mnaiḃ do ḃí ar cruinniuġaḋ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:13
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċruinniġ na sluaiġte móra ċuige, ionnas go ndeaċaiḋ sé isteaċ i mbád, agus gur ṡuiḋ sé innti; agus do ḃí an sluaġ go léir ’n‐a seasaṁ ar an dtráiġ.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Agus do ḃí sé ag teagasc i sionagóig áiriṫe, lá na sabóide.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc.


Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.


Agus, ag dul amaċ dóiḃ, d’iarradar orṫa na briaṫra sin do laḃairt leo an ċéad sabóid eile.


Agus ṫárla, agus sinn ag dul fá ḋéin áite an urnaiġṫe, gur casaḋ orainn cailín ’n‐a raiḃ spioraid asarlaiḋeaċta, agus do ḃíoḋ sí ag gnóṫú móráin d’a máistriḃ ag déanaṁ fáistíneaċta.


Agus do ċuadar tré ċríċ Frigia agus Ġalácia, an Spiorad Naoṁ g‐á gcosc ar an mbriaṫar do laḃairt san Áise;


agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuca, mar ba ġnáṫ leis, agus ar feaḋ trí lá sabóide, do ḃí sé ag diospóireaċt leo as na scrioptúiriḃ,


Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.


Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus sinn cruinniġṫe le ċéile ċum arán do ḃriseaḋ, do ḃí Pól ag taḃairt seanmóire ḋóiḃ, mar ḃí sé de rún aige imṫeaċt lá ar n‐a ḃáraċ; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an ṁeaḋon‐oiḋċe.


Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile;


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ