Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 16:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus as sin go Pilippí, príoṁ‐ċaṫair an ċeanntair sin de’n Ṁaiceadóin, coilíneaċt Róṁánaċ: agus d’ḟanamar san gcaṫair sin tamall beag.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus as sin go Pilipi, coilín, agus príoṁ-ċaṫair na coda sin de’n Ṁaicideoin. Agus ḃíomar ag cóṁluadar le ċéile suim laeṫe san ċaṫair seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus as san go Ṗilippi, príom-ċaṫair sa ċuid sin de Ṁacedonia agus caṫair daoine iasaċta. Ṫugamair rainnt laeṫanta sa ċaṫair sin, i gcóṁairle.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ann sinn go Ṗilippi, príoṁċaṫuir na coda sin don Ṁacedónia, agus colaṁuin: agus dfanamar ann sa ċaṫruiġ sin suim áiriġe do laeṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 16:12
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann.


agus atáid ag múineaḋ cleaċtaḋ naċ dleaġṫaċ dúinne glacaḋ leo, toisc gur Róṁánaiġ sinn.


Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.


Nuair do ḃí deireaḋ leis an toirmeasc, do ċuir Pól fios ar na deisceablaiḃ, agus ṫug sé deaġ‐ċóṁairle ḋóiḃ, agus d’ḟág sé slán aca, agus d’imṫiġ sé le triall ar an Ṁaiceadóin.


Agus tar éis trí mí do ċaiṫeaṁ annsin do ċeap na h‐Iúdaiġ cóiṁċealg ’n‐a aġaiḋ, agus é ar tí imṫeaċta go Siria, agus do ṡocruiġ sé ar ḟilleaḋ tríd an Ṁaiceadóin.


Agus do cuaḋamar‐ne ar luing ó Ṗillippi tar éis laeṫe an aráin gan laiḃín, agus ṫángamar ċuca go Tróas cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’ḟanamar annsin seaċtṁain.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do ḃí d’á seolaḋ le taoḃ cósta na h‐Áise, d’imṫiġeamar ar an ḃfairrge, agus Aristárċus, Maiceadónaċ ó Ṫessalónica, i n‐éinḟeaċt linn.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois;


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ