Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 15:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Annsin nuair do cuireaḋ ċum siuḃail iad, do ċuadar síos go h‐Antuaiġ; agus do ċruinniġeadar an pobal le ċéile, agus ṫugadar uaṫa an scríḃinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Nuair a cuireaḋ ċun siuḃail iad, dá ḃríġ sin, ċuaiḋ siad síos ċun na h-Antuaiġe: agus ar ċruinniuġaḋ an tsluaiġ i gcionn a ċéile dóiḃ, ṫug siad uaṫa an litir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ansan do cuireaḋ iad-san ċun siuḃail agus ċuadar síos go h-Antioċ, agus ċruinníġeadar an pobul agus ṫugadar uaṫa an sgríḃinn,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus ar na léigeansan air siuḃal, tangadar go Hantíoċia: agus ar gcruinniuġaḋ don ṗobal a gceann a ċéile, túgadar an leitir úaṫa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 15:30
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Na daoine do scaipeaḋ mar ġeall ar an ngéirleanṁain d’éiriġ i dtaoḃ Stiofáin, do ċuadar ċóṁ fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaiġ, gan an briaṫar do laḃairt aċt leis na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin.


Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa.


Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.


Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:


Agus nuair do léiġeaḋ í, ḃí an‐áṫas orṫa de ḃárr an tsóláis.


Agus san tsiuḃal dóiḃ tríd na caṫraċaiḃ, ṫugadar dóiḃ le coiṁéad na reaċta do‐rinne na h‐abstail agus na seanóirí do ḃí i nIarúsalem.


Créad atá le déanaṁ mar sin? is cinnte go gcluinfiḋ siad go dtáinig tú.


Agus nuair ṫáinig siad go Céasaria agus ṫug siad an litir do’n árd‐riaġlóir, do ċuir siad Pól ’n‐a láṫair.


Uime sin do ġlaoḋ an dáréag an ċoitċeanntaċt de na deisceablaiḃ ċuca, agus aduḃradar, Ní ceart dúinne failliġe do ḋéanaṁ i mbriaṫar Dé, agus ḃeiṫ ag freastal bórd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ