Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 15:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin a ċongḃáil ó ṫruailliḋeaċt na n-íoḋal agus ó ḋrúis, agus ó neiṫe taċtuiġṫe, agus ó ḟuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ac sgríoḃaḋ ċúċa, iad féin a ṡeaċaint ar ṫruailliú íoṁ-áġṫaċ, agus ar ḋrúis, agus ar ḟeóil ṫaċtaiṫe, agus ar ḟuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Aċd as insgríoḃṫa ċuca, iad féin do ṡeaċna ar ṫruáilliġṫiḃ na nioḋal, agus ar stríopṫaċus, agus ó ní taċduiġṫe, agus ó ḟuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 15:20
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.


Aċt i dtaoḃ na gCineaḋaċ do ċreid, do ċeapamair‐ne, agus do scríoḃamar go staonfaidís ó gaċ niḋ íoḋbartar d’íoḋalaiḃ, agus ó ḟuil, agus ó’n niḋ do taċtaḋ, agus ó ḋrúis.


Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.


An biaḋ do’n ḃolg, agus an bolg do’n ḃiaḋ; aċt cuirfiḋ Dia deireaḋ leo araon. Anois ní le h‐aġaiḋ striapaċais atá an ċolann, aċt le h‐aġaiḋ an Tiġearna; agus atá an Tiġearna le h‐aġaiḋ na colna.


Seaċnaiḋ an striapaċas. Gaċ peacaḋ do‐ġní an duine atá sé taoḃ amuiġ de’n ċorp; aċt an té do‐ġní striapaċas, do‐ġní sé peacaḋ i n‐aġaiḋ a ċuirp féin.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Aċt ċum striapaċas do ṡeaċaint, bíoḋ a ḃean féin ag gaċ fear, agus bíoḋ a fear féin ag gaċ mnaoi.


Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


Anois atá gníoṁarṫa na colna follasaċ, mar atá, striapaċas, neaṁ‐ġlaine, drúis,


Aċt striapaċas, agus gaċ saġas neaṁ‐ġlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐ḃur measc, mar ba ċóir do naoṁaiḃ;


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Óir is é is toil le Dia siḃ ḃeiṫ naoṁṫa, siḃ do staonaḋ ó striapaċas;


ar eagla go mbéaḋ aon drúiseoir ann, nó aon duine neaṁ‐ḋiaḋa mar Ésau, do ḋíol a ċeart oiḋreaċta ar ḃéile biḋ.


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


Óir ba leor an t‐am atá imṫiġṫe ṫart ċum toil na bPágánaċ do ḋéanaṁ, ag siuḃal i ndreaḃlas, i n‐ainṁiantaiḃ, i n‐ólaċán, i gcraos, i bpótaireaċt agus i n‐íoḋal‐aḋraḋ déisteanaċ.


agus do ḃí leaḃar beag ar ḟoscailt ’n‐a láiṁ aige: agus do ċuir sé a leaṫ‐ċos ḋeas ar an ḃfairrge,


Agus an glór do ċualas ag laḃairt ó neaṁ, do laḃair sé liom arís, agus aduḃairt, Imṫiġ, glac an leaḃar atá ar ḟoscailt i láiṁ an aingil atá ’n‐a ṡeasaṁ ar an ḃfairrge agus ar an talaṁ.


Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


Agus an ċuid eile de na daoiniḃ do fágáḋ gan marḃaḋ leis na pláiġiḃ seo, ní ḋearnadar aiṫriġe i h‐oibreaċaiḃ a láṁ, ċum naċ ndéanfaidís aḋraḋ d’íoḋalaiḃ óir, agus airgid, agus práis, agus cloiċe, agus aḋmaid: atá gan raḋarc, gan éisteaċt, gan neart siuḃail:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ