Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 15:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair ḃíodar ’n‐a dtost, d’ḟreagair Séamas, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, éistiḋ liom‐sa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a stad siad-san de ċainnt, d’ḟreagair Séamus, ag ráḋ: A ḟeara agus a ḃráiṫre, éistigiḋ liom-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair éisteadar dḟreagair Séamus agus duḃairt sé: a ḟeara, a ḃráiṫre, éistiḋ liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar sgur ḋa dtagra ḋóiḃ, do ḟreaguir Séumus, ag ráḋ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, éisdiġ riumsa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 15:13
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí mná ann i ḃfad uaiḋ, agus iad ag féaċain air: orṫa‐san do ḃí Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais ḃig agus Iósés, agus Salómé;


Aċt do ḃagair sé le n‐a láiṁ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas ṫug an Tiġearna amaċ as an bpríosún é. Agus aduḃairt sé, Innisiḋ na neiṫe seo do Ṡéamas agus do na bráiṫreaċaiḃ. Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit eile.


D’innis Símeon cionnas mar d’ḟéaċ Dia ar dtús ar an Cineaḋaċaiḃ ċum pobal do ṫoġaḋ asta d’á ainm féin.


Aċt Peadar, ag éirġe ’n‐a ṡeasaṁ dó i n‐éinḟeaċt leis an aon duine déag, d’árduiġ sé a ġlór, agus do laḃair sé leo, A ṗobail Iúdaea, agus siḃ‐se go léir ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, bíoḋ a ḟios agaiḃ an méid seo, agus éistiḋ lem’ ḃriaṫraiḃ.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


A ḃráiṫreaċa, ní misde liom laḃairt go dána liḃ i dtaoḃ an ṗaitriárċa Dáiḃi, go ḃfuil sé marḃ, curṫa, agus go ḃfuil a ṫuama ’n‐ár measc go dtí an lá atá ann indiu.


Agus an lá ’n‐á ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Pól mar aon linn isteaċ i dtiġ Ṡéamais; agus ḃí na seanóirí go léir i láṫair, leis.


A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcosnaṁ atá agam d’á ḋéanaṁ ḋaoiḃ anois.


Agus aduḃairt seisean, A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ, Do ṫaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAṫair Abraċam, an tráṫ ’n‐a raiḃ sé i Mesopotámia, sarar ċóṁnuiġ sé i gCarrán;


Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna.


Óir sara dtáinig daoine áiriṫe ó Ṡéamas, do ḃíoḋ sé ag iṫe i gcuideaċtain na gCineaḋaċ: aċt nuair ṫáinig siad‐san, do ṫarraing sé siar agus d’éaluiġ sé uaṫa, ar eagla luċta an timċeall‐ġearrṫa.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ