Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 14:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus tar a éis dóiḃ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do ṁuinntir na caṫraċ sin, agus mórán deisceabal do ḋéanaṁ, d’ḟilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaiġ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Ag neartuġaḋ anmanna na ndeisciobal, agus ag cur ina luiġe orṫa fanaċt buan san ċreideaṁ: agus gur tré ṁórán cráḋ is éigean dúinn dul isteaċ i ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ag neartú aigne na ndeisgiobul agus ’á gcóṁairiú ċun ḃeiṫ seasaṁaċ sa ċreideaṁ, mar gur le mórán a ḋ’ḟulag naċ fuláir dúinn dul isteaċ i ríġeaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar seanmóruġaḋ an tsoisgéil don ċaṫraiġ sin doíḃ, agus ar dtarruing ṁóráin do ḋeiscioblaiḃ ċuca, dfilleadar go Listra, agus go Hicónium, agus go Hantíoċia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 14:21
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.


Aċt do ċroṫadar‐san luaiṫ a gcos ’n‐a gcoinniḃ, agus ṫángadar go h‐Icónium.


Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.


agus do ṫeiċeadar go caṫraċaiḃ Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúṫaiġ mágcuairt:


agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal annsin.


Agus do ḃí fear ’n‐a ṡuiḋe i Listra naċ raiḃ lúṫ na gcos aige, cláiríneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, nár ṡiuḃail ariaṁ.


Agus tar éis tamaill aduḃairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do ṫaḃairt ċum na mbráiṫreaċ atá ins gaċ caṫair ’n‐ar ċraoḃscaoileamar briaṫar an Tiġearna, d’ḟéaċain cionnas atá ag éirġe leo.


Do ḃí cáil ṁaiṫ air ag na bráiṫreaċaiḃ do bí i Listra agus i nIcónium.


ag molaḋ Dé, agus meas ag gaċ uile ḋuine orṫa. Agus do ċuireaḋ an Tiġearna leo gaċ lá iad‐san do ḃí d’á slánú.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ