Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 14:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Aċt nuair a ḃí na deisciobail ina seasaṁ ṫart fá dtaoiḃ de, d’éiriġ sé agus ċuaiḋ sé isteaċ san ċaṫair, agus lá ar n-a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Aċ ḃí na deisgiobuil ’n-a ṫímpall agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé isteaċ sa ċaṫair, agus amáireaċ a ḃí ċuġainn d’imṫiġ sé féin agus Barnabas so Derḃé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Giḋeaḋ tangadar Iúdaiġe ċuca ó Antíoċia agus ó Icóníum, noċ do ċoṁairliġ an pobal, agus ar ngaḃáil do ċloċaiḃ ar Ṗól, do ṫarruing amaċ as an gcaṫruiġ é, ar na ṡáoilsin dóiḃ go raiḃ sé marḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 14:19
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


Agus ṫárla i nIcónium go ndeaċadar araon isteaċ i sionagóig na nIúdaċ, agus gur laḃradar ar ċuma gur ċreid sluaġ mór de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na Gréagaċaiḃ.


Agus bíoḋ gur laḃradar ar an gcuma sin, is ar éigin d’éiriġ leo na daoine do ċosc gan íoḋbairt do ḋéanaṁ dóiḃ.


Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.


Agus tar a éis dóiḃ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do ṁuinntir na caṫraċ sin, agus mórán deisceabal do ḋéanaṁ, d’ḟilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaiġ,


agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.


Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.


Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é,


fir do ċuir a n‐anmanna i gcontaḃairt ar son ainme an Tiġearna Íosa Críost.


Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.


agus nuair do ḃí fuil Stiofáin, t’ḟiaḋnaiḋe, d’á doirteaḋ, do ḃíos‐sa im’ ṡeasaṁ i láṫair, ag aontaḋ leo, agus ag coiṁéad éadaiġe na ndaoine do ḃí g‐á ṁarḃaḋ.


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá.


An seirḃísiġ Ċríost iad (ag laḃairt mar ḋuine atá as a ċéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba ḋúṫraċtaiġe i saoṫar, i bpríosúnaiḃ ní ba ṁiniciġe, dom’ sciúirseaḋ as miosúr, i mbaoġal báis go minic.


Do buaileaḋ le slataiḃ trí h‐uaire mé, do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orm uair aṁáin, d’ḟulaingeas long‐ḃriseaḋ trí h‐uaire, do ċaiṫeas lá go n‐oiḋċe ar an aiḃéis ṁóir;


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


Óir do rinne siḃ‐se, a ḃráiṫre, aiṫris ar eaglaisiḃ Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó ṫárla gur ḟulaing siḃ na neiṫe céadna ó ṁuinntir ḃur dtíre féin d’ḟulaing siad‐san ó na h‐Iúdaċaiḃ:


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ