Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus nuair do ḃí an t‐oileán uile siuḃalta aca ċóṁ fada le Pafos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ bréige, Iúdaċ, darḃ ainm Bar‐Iésus;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus nuair a ṫaisteal siad an t-oileán uilig ḟad le Paṗos, fuair siad fear áiriṫe, darḃ ainm Bariésu, Iúdaċ a ḃí ina ḋraoi agus ina ḟáiḋ bréige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus nuair a ḃí an t-oileán go léir siúḃalta acu ċóṁ fada le Paṗos, fuaradar draoi áiriṫe, fáiḋ fallsa, Iúdaċ gur ḃ’ainim dó Bar-Iésus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ar ndul dóiḃ ṫríd a noiléun go Páṗus, fúaradar draói áiriġe, faiḋ fallsa, Iúdaiġe, dár ḃainm Baríesus:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:6
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.


Agus ṫángadar go h‐Ieriċó: agus ag imṫeaċt dó‐san agus d’á ḋeisceablaiḃ as Ieriċó, agus sluaġ mór daoine i n‐éinḟeaċt leo, do ḃí Bartiméus dall, mac Ṫiméuis, ’n‐a ṡuiḋe le cois an ḃealaiġ agus é ag iarraiḋ déirce.


Agus do ċuaiḋ Pól agus a ċomplaċt ar luing ó Ṗafos, agus ṫángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imṫiġ Eoin uaṫa, agus d’ḟill sé go h‐Iarúsalem.


Aċt Elimas draoi (óir is mar sin míniġṫear a ainm), do ċuir sé ’n‐a gcoinniḃ, ag iarraiḋ an ṗróconsúil d’iompóḋ ó’n gcreideaṁ.


Óir is abstail ḃréige a leiṫéidí sin, oibriḋṫe mealltaċa, g‐á gcur féin i gcló abstal Ċríost.


Agus fá mar ċuir Iannes agus Iambrés i n‐aġaiḋ Ṁaoise, mar sin is eaḋ atá na fir sin ag cur i n‐aġaiḋ na fírinne; fir go ḃfuil a n‐aigne truailliġṫe, agus iad ar mearḃall i dtaoḃ an ċreidiṁ.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ