Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Annsin laḃair Pól agus Barnabas go dána: Is díḃ-ṡe ar dtús ab éigean briaṫar Dé a laḃairt: aċt de ḃríġ go ndiúltann, siḃ-se dó, agus go dtugann sib breiṫ oraiḃ féin naċ airiḋe oraiḃ an ḃeaṫa ṡíoraiḋe; féaċ, tionntuiġimíd ċuig na ciniḋeaċa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Ansan duḃairt Pól agus Barnabas, go dána: is liḃse nár ḃfoláir dúinn briaṫar Dé do laḃairt an dtúis; aċ ó ḋiúltuiġeann siḃ dó, agus nác fiú siḃ, do réir ḃúr mbreiṫe féin, beaṫa ṡioruiḋe ḋ’ḟáġail, táimídne, féac, ag iompáil ċun na ngeinte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Aċd ar ndéunaṁ dánaċda do Ṗól, agus do Ḃarnabas, a duḃradar, Is riḃse ar tús dob éigean bríaṫar Dé do laḃairt: giḋeaḋ ó ċurṫáoi ar gcúl í, agus go mbeirṫí do ḃreiṫ naċ fíu siḃ an ḃeaṫa ṁarṫanaċ dfaġáil, féuċ, atámaidne ag filleaḋ ċum na Gcineaḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:46
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt téiġiḋ fá ḋéin na gcaoraċ fáin de ṫeaġlaċ Israel ṫar ċáċ.


Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin.


Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis.


Aḋrann siḃ‐se an niḋ naċ eol daoiḃ; aḋraimíd‐ne an niḋ is eol dúinn: óir is ó na h‐Iúdaiġ atá an slánú.


Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.


A ḃráiṫreaċa, a ċlann de ṡlioċt Abraċaim, agus an méid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is dúinne do cuireaḋ briaṫar an tslánuiġṫe seo.


Agus nuair do ṡroiċeadar Salamis, do ċraoḃscaoileadar briaṫar Dé i sionagógaiḃ na nIúdaċ: agus ḃí Eoin mar ċongantóir aca.


Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.


Agus aduḃairt sé liom, Imṫiġ leat: óir cuirfead amaċ ṫú as so ċum na gCineaḋaċ i gcéin.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt.


Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa.


A luċt na muineál riġin, gan cluasa ná croiḋe timċeall‐ġearrṫa agaiḃ, bíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cur i gcoinniḃ an Spioraid Naoiṁ: fá mar rinne ḃúr sinnsir, is mar sin do‐ġní siḃse.


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna.


aċt glóir agus onóir agus síoṫċáin do gaċ aoinneaċ do‐ġní an ṁaiṫ, do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna;


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


do ṁúċ neart teineaḋ, d’éaluiġ slán ó ḃéal claiḋiṁ, d’éiriġ bríoġṁar as lár a laige, d’éiriġ croḋa i gcaṫ, do ċuir an ruaig ar ṡluaiġtiḃ na n‐eaċtrann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ