Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Aċt ar ḟeiceáil na sluaġ do na h-Iúdaiġ, líonaḋ le h-éad iad, agus laḃaraḋ siad go diaṁaslaċ i n-aġaiḋ na neiṫe a ḃíoḋ dá ráḋ ag Pól.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan nuair a ċonnaic na Iúdaíġ na sluaiġte do líonadar d’ḟormad agus ḃiodar ag bréagnú na cainnte a deireaḋ Pól, go diaṁasluiġṫeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Aċd ar a ḃfaicsin an ṗobail do na Iúdaiġiḃ, do líonaḋ do ṫnúṫ íad, agus tangadar a naġaiḋ na neiṫeann do laḃair pól, da gconntrarġaḋ agus ag laḃairt orṫa go masluiġṫeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:45
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Óir do ḃí a ḟios aige gur le formad ṫugadar ar láiṁ é.


Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.


Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.


Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é,


Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.


Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ.


Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.


Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad,


do líonaḋ iad d’olcas, de ċuirpṫeaċt, de ṡainnt, de ṁailís; do ḃíodar lán d’ḟormad, de ḋúnṁarḃaḋ, d’aċrann, de ċeilg, de ḋroċ‐rún;


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé.


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


Nó an measann siḃ gur díoṁaoin laḃras an scrioptúir, Is le h‐éad ṡanntuiġeas sé an spiorad do ċuir sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnainn?


Agus is niḋ é ċuireas iongnaḋ orṫa‐san, a ṁeas naċ riṫeann siḃ i n‐éinḟeaċt leo isteaċ i raḃarta ainṁeasarḋaċta, ag laḃairt go masluiġṫeaċ ’n‐ḃur dtaoḃ.


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ