Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Uime sin, do ċuadar fá stiúraḋ an Spioraid Naoiṁ, síos go Seleúcia; agus as sin do seolaḋ iad go Cuprus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ó ḃí siad-san, mar sin, dá gcur ag an Spiorad Naoṁ, d’imṫiġ siad go Seleucia: agus as sin ṡeol siad ċun na Cufaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus fé ṡeólaḋ an Spioraid Naoiṁ ċuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Uime sin ar mbeiṫ ḋóiḃsion ar na gcur amaċ ón Spiorad Náoṁ, do ċúadar síos go Seléucia; agus as sin do ṡéoladar go Cíprus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:4
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Na daoine do scaipeaḋ mar ġeall ar an ngéirleanṁain d’éiriġ i dtaoḃ Stiofáin, do ċuadar ċóṁ fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaiġ, gan an briaṫar do laḃairt aċt leis na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin.


Agus ag frioṫáileaṁ gnóṫa an Tiġearna, agus ag déanaṁ troscaiḋ ḋóiḃ, aduḃairt an Spiorad Naoṁ, Cuiriḋ i leaṫtaoiḃ Barnabas agus Saul le h‐aġaiḋ na h‐oibre ċum a ḃfuil siad ceapṫa agam.


Annsin, tar a éis dóiḃ troscaḋ agus urnaiġe do ḋéanaṁ, agus a láṁa do ċur orṫa, do ċuireadar uaṫa iad.


Agus tar éis tamaill aduḃairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do ṫaḃairt ċum na mbráiṫreaċ atá ins gaċ caṫair ’n‐ar ċraoḃscaoileamar briaṫar an Tiġearna, d’ḟéaċain cionnas atá ag éirġe leo.


aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Agus ag imṫeaċt dúinn ó’n áit sin, do ṡeolamar ar scáṫ Ċupruis, mar ḃí an ġaoṫ ’n‐ár gcoinniḃ.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ