Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Is tríd-sean a ṡaortar gaċ aoinneaċ a ċreideas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Sa duine seo ġeiḃeann gaċ aoinne, a ċreideann, fíoraontaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus go ḃfuil gaċ áon ċreideas ar na ṡáoraḋ ṫrídsion ó na huile neiṫiḃ, dá nár ḃféidir siḃse do ṡáoraḋ a reaċd Ṁáoise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:39
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus féaċ, d’éiriġ fear dliġe ’n‐a ṡeasaṁ, agus do ḃain sé triail as, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, créad atá le déanaṁ agam ċum na beaṫaḋ síorraiḋe d’ḟáġáil mar oiġreaċt.


Agus aduḃairt sé leis, Is maiṫ an freagra ṫugais: déan é sin, agus mairfir.


Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


óir is leis an gcroiḋe ċreideas an duine ċum fíréantaċta; agus is leis an mbéal do‐ġní sé adṁáil ċum slánuiġṫe.


Óir is é Críost foirċeann na dliġe ċum an uile ḋuine ċreideas d’ḟíréanú.


Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé:


óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ.


mar oibriġeann an dliġe fearg; aċt an áit naċ ḃfuil dliġe ann, ní ḟuil briseaḋ dliġe ann.


aċt ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirṁfear é, má ċreidimíd san té do ṫóg Íosa ár dTiġearna ó na marḃaiḃ, eisean a tugaḋ suas i n‐éiric ár gcionnta,


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


mar sin is eaḋ déanfar fíréanaiġ d’á lán tré uṁlaċt duine aṁáin. Agus ṫáinig an dliġe isteaċ ’na ḋiaiḋ sin ċum go méadóċaiḋe an cionnṫa. Aċt san áit ’n‐ar ṁéaduiġ an peacaḋ, ba mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ an grása:


Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


aċt Israel, do ḃí ag lorg dliġe fíréantaċta, níor éiriġ leo an dliġe sin d’ḟáġáil.


Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Óir is tríd an dliġe d’éagas do’n dliġe, ċum go mairfinn beo do Ḋia.


Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.


Dearḃuiġim arís do gaċ duine timċeall‐ġearrṫar, go ḃfuil sé d’ḟiaċaiḃ air an dliġe ar fad do ċóiṁlíonaḋ.


Agus a ḟaid agus ṡeasuiġeann gaċ sagart lá i ndiaiḋ lae ag frioṫáileaṁ, agus go minic ag ofráil na n‐íoḋbairt céadna,


Óir ní féidir go nglanfaḋ fuil tarḃ agus gaḃar peacaiḋe.


gan tairḃe (óir níor ċuir an dliġe éinniḋ i gcríċ), agus atá dóċas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorraċt do Ḋia, d’á ṫaḃairt isteaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ