Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫreaċa, tuigiḋ gur tríd an ḃfear so fógarṫar daoiḃ‐se maiṫeaṁnas na bpeacaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Bíoḋ a ḟios agaiḃ, dá ḃríġ sin, a ḟeara agus a ḃráiṫre, gur tríd-sean a ḟoillsiġtear díḃ maiṫeaṁnas ó ṗeacaiḋe, agus ó gaċ níḋ ó narḃ ḟéidir díḃ saoraḋ d’ḟaġáil i ndliġe Ṁaoise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Bíod a ḟios agaiḃ, dá ḃríġ sin, a ḟeara a ḃráiṫre, gur tríd sin a fógartar daoiḃre maiṫeaṁnaċas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neiṫe ná féadfaḋ fíoraontaċt a ṫaḃairt daoiḃ i ndliġe Ṁaoise.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Ar a naḋḃarsin bíoḋ a ḟios agaiḃ a ḟir agus a ḃraiṫreaċa, gur trés an ḃfearso foillsiġṫear ḋiḃ maiṫfeaċus na bpeacaḋ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:38
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Béarfaiḋ sí mac, agus do‐ḃéarfaiḋ tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóċaiḋ sé a ṗobal ó n‐a bpeacaiḋiḃ.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


Is dó‐san do‐ḃeir na fáiḋe go léir fiaḋnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gaċ éinneaċ ċreideas ann do‐ġeoḃaiḋ sé maiṫeaṁnas na bpeacaḋ.


Aċt Peadar, ag éirġe ’n‐a ṡeasaṁ dó i n‐éinḟeaċt leis an aon duine déag, d’árduiġ sé a ġlór, agus do laḃair sé leo, A ṗobail Iúdaea, agus siḃ‐se go léir ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, bíoḋ a ḟios agaiḃ an méid seo, agus éistiḋ lem’ ḃriaṫraiḃ.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaḋ,


agus biḋiḋ muinntearḋa le ċéile, deaġ‐ċroiḋeaċ, ag maiṫeaṁ d’á ċéile, fá mar tá maiṫte ag Dia i gCríost daoiḃ‐se.


an té ’n‐a ḃfuil fuasclaḋ againn tré n‐a ḟuil, maiṫeaṁnas ár bpeacaiḋe.


Aċt anois is fearr go mór an ṁiniostrálaċt fuair sé, san méid gur idirṁeaḋontóir connarṫa níos fearr é, connraḋ atá bunuiġṫe ar ġeallaṁna ċaiḃ níos fearr.


Agus is beag naċ ḃféadtar a ráḋ, do réir an dliġe, go nglantar an uile niḋ le fuil, agus gan dortaḋ fola naċ ḃfuil maiṫeaṁnas ar biṫ le fáġáil.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ