Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Óir na daoine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, agus a riaġlóirí, toisc gan aiṫne ḃeiṫ aca airsean, agus gan eolas ḃeiṫ aca ar ḃriaṫraiḃ na ḃfáiḋ léiġtear gaċ sabóid, do ċóiṁlíonadar a nduḃradar g‐á ḋaoraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Óir iad sin a ċóṁnuiġ i n-Ierusalem, agus a uaċtaráin, mar naċ raiḃ eolas acu air-sean, ná ar ḃriaṫra na ḃfáiḋ a léiġ-tear gaċ sabóid, ċóiṁlíon siad iad nuair a ṫug siad breiṫeaṁnas air,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Óir níor aiṫın muinntir Ierúsalem é, agus níor aiṫin uaisle Ierúsalem é, ná guṫana na ḃfáiḋ, bíoḋ go léiġtear iad gaċ sabbóid, agus ṫugadar breiṫ air agus ċóṁlíonadar guṫana na ḃfáiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Oír an dream do áitriġ a Níarusalém, agus a núaċdaráin, ar mbeiṫ ḋóiḃ gan éolus aca airsean, na air ḃríaṫruiḃ na ḃfaiġeaḋ léuġṫar gaċa sábbóid, air na ḋamnúġaḋsan dóiḃ do ċoiṁlíonadar íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:27
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’ḟreagair Iosa, agus aduḃairt sé leo, Atá siḃ amuġa, de ċionn naċ ḃfuil eolas agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé.


Agus aduḃairt seisean, Adeirim leat, a Ṗeadair, naċ nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aiṫne do ḃeiṫ agat orm.


Agus do ċruinniġ Píoláid uaċtaráin na sagart, agus na ceann‐ṗuirt, agus na daoine le ċéile, agus aduḃairt sé leo,


agus cionnas ṫug na h‐árd‐ṡagairt agus ár n‐uaċtaráin ar láiṁ é le n‐a ḋaoraḋ ċum báis, agus do ċéasadar é.


Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Uime sin aduḃairt Íosa, Nuair árdócaiḋ siḃ Mac an Duine, béiḋ a ḟios agaiḃ annsin gur mise é, agus naċ ndéanaim éinniḋ uaim féin, aċt gur fá mar ṫeagaisc an t‐Aṫair dom, laḃraim na neiṫe seo.


Óir ó’n aimsir i ḃfad i gcéin, atá ag Maois ins gaċ caṫair a ṡeanmóiriḋṫe féin, agus é d’á léiġeaḋ gaċ sabóid ins na sionagógaiḃ.


Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna.


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:


aċt do ḃí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léiġte an tseantiomna, fanann an folaċ céadna gan tógáil: folaċ atá curṫa ar neaṁ‐niḋ i gCríost.


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ