Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus nuair do ḃí Eoin ag cóiṁlíonaḋ a ċúrsa, aduḃairt sé, Cia ṁeasann siḃ gur mé? Ní mise é. Aċt féaċ, atá duine ag teaċt im’ ḋiaiḋ, naċ fiú mé go scaoilfinn bróga a ċos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus nuair a ḃí Eoin ag críoċnuġaḋ a ṡeala, duḃairt sé: An té a ṡíleas siḃ gur mé, ní mise é, aċt féaċ, tá neaċ ag teaċt i mo ḋiaiḋ, naċ fiú mé bróga a ċos a scaoileaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus nuair a ḃi Eóin ag cóṁlíonaḋ a ċuarda duḃairt sé: Ni mise an t-é is dóiġ liḃ is mé, aċ féaċ tá ag teaċt am ḋiaiḋ an t-é naċ fiú mé bróga a ċos do sgaoile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus ar gcóiṁlíonaḋ a ṡeala Deóin, a duḃairt sé, An té ṡáoilti, ní misi é. Aċd féuċ, tig neaċ am ḋiáiġ, ag naċ fíu mé íallaċ a ḃróg do sgaóileaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:25
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Baistim‐se le h‐uisce siḃ ċum aiṫriġe; aċt an té atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a ḃróga d’iomċar: baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ. Atá a ċáiṫteaċán ’n‐a láiṁ aige,


Agus do rinne sé seanmóir ’g‐a ráḋ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se duine is mó cuṁaċt ná mise, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go scaoilfinn iall a ḃróg.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.


agus d’ḟéaċ sé ar Íosa do ḃí ag dul ṫart, agus aduḃairt sé. Féaċ Uan Dé!


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;


Agus aduḃairt Pól, Do ḃaist Eoin le baisteaḋ na h‐aiṫriġe, g‐á raḋ leis na daoiniḃ creideaṁain san té do ḃí le teaċt ’n‐a ḋiaiḋ, is é sin, i nÍosa.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa.


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ