Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair do ḃí seisean curṫa i leaṫ‐taoiḃ aige, do ṫog sé suas Dáiḃí ċum ḃeiṫ ’n‐a riġ ḋóiḃ; agus ṫug sé teistiméireaċt dó, g‐á ráḋ, Fuaras Dáiḃi mac Iesse, fear de réir mo ċroiḋe, ḋéanfas gaċ niḋ de réir mo ṫola.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus nuair a ṫóg sé eisean uaṫa, d’árduiġ sé Dáiḃiḋ ina ríġ dóiḃ: agus rinne sé fiaḋnaise dó-san, agus duḃairt: Fuair mé Dáiḃiḋ, mac Iesse, fear do réir mo ċroiḋe féin, a ḋéanfas mo ṫoil go h-iomlán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ansan do ċuir sé an fear san i leiṫ taoiḃ agus ṫóg sé suas ċúċa Dáiḃid ’n-a rí, agus ṫug sé teistiméireaċt air nuair a duḃairt sé: Tá Dáiḃid mac Iesse fáġalta agam, fear do réir mo ċroiḋe féin, fear a ċóṁlíonfaiḋ gaċ níḋ is toil liom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:22
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;


Agus Dia ṫuigeas a ḃfuil san gcroiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ḃfáḃar, ag bronnaḋ an Spioraid Naoiṁ orṫa, fá mar ḃronn sé orainne;


fuair grás i láṫair Dé, agus d’iarr áitreaḃ d’ḟáġáil do Ḋia Iácóib.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ