Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 13:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt do ċuadar‐san rómpa ó Ṗergé, go dtángadar go h‐Antuaiġ i bPisidia; agus do ċuadar isteaċ san tsionagóig lá na sabóide, agus do ṡuiḋeadar síos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Aċt ar dul fríd Ṗerge dóḃṫa-san, ṫáinic siad go h-Antuaiġ na Pisidia: agus ar ḋul isteaċ san tsineagóig dóiḃ ar an tsabóíd, ṡuiḋ siad síos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Aċ do ċuaiḋ an ċuid eile ar aġaiḋ tré Ṗergé agus ṫánadar go h-Antioċ i bPisidia agus ċuadar isteaċ sa tsinagóig lá na sabbóide agus ṡuiḋeadar ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus ar ndul dóiḃsion ó Ṗeirge, tangadar go Hantióċia na Pisídia, agus ar ndul a steaċ ḋóiḃ don tsinagóig lá na sabbóide, do ṡuíġeadar síos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 13:14
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé go Nasair, mar ar h‐oileaḋ é, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabóide, isteaċ sa tsionagóig, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ ċum léiġṫeoireaċt do ḋéanaṁ.


Agus, ag dul amaċ dóiḃ, d’iarradar orṫa na briaṫra sin do laḃairt leo an ċéad sabóid eile.


Agus an ċéad sabóid ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċruinniġ muinntear na caṫraċ go léir, naċ mór, i ḃfoċair a ċéile ċum éisteaċta le briaṫar Dé.


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


Agus nuair do ṡroiċeadar Salamis, do ċraoḃscaoileadar briaṫar Dé i sionagógaiḃ na nIúdaċ: agus ḃí Eoin mar ċongantóir aca.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Agus do ċuamar amaċ an geata lá na sabóide cois aḃann, mar ar ċeapamar go raiḃ áit urnaiġṫe; agus ’n‐ár suiḋe ḋúinn, do ḃíomar ag laḃairt leis na mnáiḃ do ḃí cruinniġṫe ann.


agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuca, mar ba ġnáṫ leis, agus ar feaḋ trí lá sabóide, do ḃí sé ag diospóireaċt leo as na scrioptúiriḃ,


Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.


Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


Is eol duit an méid d’ḟulaingeas i nAntuaiġ, i Listra; géire na gcráḋ d’ḟulaingeas agus do ṡaor an Tiġearna asta sin uile mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ