Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 12:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus do ḃí mí‐ġreann mór air ċum muinntire Tuire agus Sidóine: agus ṫáinig siad de ṫoil a ċéile ċuige, agus ag déanaṁ caradais dóiḃ le Blastus seomradóir an ríoġ, d’éiliġeadar síoṫċáin air, toisc a ndúṫaiġ ḃeiṫ d’á coṫú ó ḋúṫaiġ an ríoġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus ḃí fearg air le muinntir na Tiora agus na Sídoine. Aċt ṫáinic siad-san ċuige d’aon toil, agus nuair a fuair siad ar a leiṫ Blastus, arḃ é seomradóir an ríoġ é, d’iarr siad síoṫ-ċáin air, de ḃríġ go mbíoḋ a ndúiṫċe dá gcoṫuġaḋ aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus ḃí fearg air ċun muinntire Tuíre agus ċun muinntire Ṡídón. Ṫánadar-san áṁṫaċ, do ṫoil a ċéile, ag triall air, agus ḋeineadar muinntearṫas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar sioṫċáin, toisg a dtír féin a ḃeiṫ d’á ċoṫú ó’n rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Do ḃí Ioruáiḋ an tan sin ro ḋíomġaċ do luċd Ṫíruis agus Ṡídoin: aċd tangadarsan dáontoil ċuige, agus, ar dtaḃairt Ḃlastuis eaḋon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síoċáin; do ḃríġ go raiḃ a ttír ḋá coṫuġaḋ tré ṫír an rí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 12:20
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṁol an tiġearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoġail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais.


Agus, lá do ḃí ceapṫa ċuige, do ċuir Ioruaṫ a éide ríoġḋa air, agus do ṡuiḋ sé ar ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus ṫug sé óráid dóiḃ.


Agus nuair ṫáinig Cuprus ’n‐ár raḋarc, d’ḟágamar ar an láiṁ ċlé é, agus do ṡeolamar go Siria, agus ṫángamar i dtír i dTuire: óir do ḃí last na luinge le díluċtú annsin.


Agus nuair do ḃí deireaḋ le n‐ár n‐aistear ó Ṫuire, do ṡroiċeamar Ptolemáis; agus do ḃeannuiġeamar do na bráiṫreaċaiḃ, agus d’ḟanamar lá ’n‐a ḃfoċair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ