Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 12:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus nuair do‐rinne Ioruaṫ cuardaċ ’n‐a ḋiaiḋ, agus naċ ḃfuair sé é, do ċeistiġ sé na gárdaí, agus d’órduiġ sé a gcur ċum báis. Annsin d’imṫiġ sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’ḟan sé ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus nuair a ċuir Ioruaḋ lorg air, agus naċ ḃfuair sé é: i ndiaiḋ na gárdaí a ċeisduġaḋ, d’órduiġ sé iad a ċur ċun báis: agus ar ḋul síos ó Iudaia go Caesarea dó, ċóṁnuiġ sé annsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus nuair a ḋ’iarr Héród é agus ná raiḃ sé le fáġail ċuir sé ceistiú ar an luċt cimeádta agus d’órduiġ sé iad do ċur ċun báis, agus d’imṫig sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’ḟan sé ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar ná íarraiḋ Dioruáiḋ, agus náċ ḃfuáir, ar cceasduġaḋ an luċd coiṁéuda ḋó, dáiṫin sé a mbreiṫ amaċ ċum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó ṫír Iúdaiġe go Séasáréa, do ċoṁnaiġ sé ann sinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 12:19
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair rugaḋ Íosa i mBeiṫil Iúdaea, i laeṫiḃ an ríoġ Ioruaṫ, ṫáinig draoiṫe ó’n doṁan ṫoir go h‐Iarúsalem,


Nuair do ḃíodar imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ, agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus éaluiġ do’n Éigipt, agus fan annsin go laḃrad leat; óir béiḋ Ioruaṫ ar lorg an leinḃ ċum a ṁillte.


Annsin, nuair do ċonnaic Ioruaṫ gur ṁeall na draoiṫe é, do bí sé le cúṫaċ, agus do ċuir sé amaċ scriosairí, agus do ṁarḃ sé a raiḃ de ċlannṁac ḋá ḃliaḋain nó fá n‐a ḃun i mBeiṫil agus san dúṫaiġ do ḃain léi, de réir an ama d’innis na draoiṫe ḋó.


Nuair do ḃí sé ’n‐a lá, ḃí corruiġe nár ḃeag imeasc na saiġdiúir, i dtaoḃ ar éiriġ do Ṗeadar.


Agus nuair do ḃí sé gaḃṫa aige, do ċuir sé i bpríosún é, agus do ċuir sé fá ċúram gárda seisir saiġdiúir déag é; agus é de rún aige a ṫaḃairt amaċ i ḃfiaḋnaise an ṗobail i ndiaiḋ na Cásca.


Agus nuair do ḃí Ioruaṫ ar tí é do ṫaḃairt amaċ, an oiḋċe ċéadna sin ḃí Peadar ’n‐a ċodlaḋ idir ḃeirt saiġdiúir, é ceangailte le ḋá ṡlaḃraḋ: agus ḃí gárdaí taoḃ amuiġ de’n doras ag coiṁéad an ṗríosúin.


Agus ag dúiseaċt d’ḟear an ṗríosúin as a ċodlaḋ, do ċonnaic sé dóirse an ṗríosúin ar ḟoscailt, agus ag tarraing a ċlaiḋiṁ dó, ḃí sé ar tí é féin do ṁarḃaḋ, óir ċeap sé gur éaluiġ na príosúnaiġ.


Agus d’imṫiġeamar lá ar n‐a ḃáraċ, agus ṫángamar go Céasaria: agus ag dul isteaċ ḋúinn i otiġ Ṗilip soiscéalaiḋe, duine de’n ṁóirṡeisear, d’ḟanamar aige.


Roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do ċur roiṁ Ḟéstus.


Agus ba é cóṁairle na saiġdiúir na príosúnaiġ do ṁarḃaḋ, ar eagla go snáṁfaḋ duine aca agus go n‐éalóċaḋ sé.


Aċt fríṫ Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseaċt tríd na bailtiḃ ḋó, do ċraoḃscaoil sé an soiscéal dóiḃ go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ