Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 12:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Aċt do ḃagair sé le n‐a láiṁ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas ṫug an Tiġearna amaċ as an bpríosún é. Agus aduḃairt sé, Innisiḋ na neiṫe seo do Ṡéamas agus do na bráiṫreaċaiḃ. Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Aċt ar ḋéanaṁ cóṁarṫa dóiḃ le n-a láiṁ dó, a ḃeiṫ ina dtost, d’innis sé cad é mar ṫreoruiġ an Tiġearna amaċ as an ṗríosún é, agus duḃairt: Innsigiḋ na neiṫe seo do Ṡéamus, agus do na bráiṫre. Agus ar ḋul amaċ dó, d’imṫiġ sé go h-áit eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Aċ do ḃagair sé le n-a láiṁ orṫa éisteaċt, agus d’innis sé ḋóiḃ conus a ṫug Dia amaċ as an bpríosún é, agus duḃaint sé: Innis na neiṫe sin do Ṡéamus agus do sna ḃráiṫriḃ! Agus ċuaid sé amaċ agus d’imṫiġ sé go h-áit eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ar sméideaḋ a láiṁe ḋósan orṫa, ċum ḃeiṫ na dtoċd, dfoillsiġ sé ḋóiḃ cionnus tug an Tiġearna amaċ é as an bpríosun. Agus a duḃairt sé, Innisiġ na neiṫeise do Ṡéumus, agus do na dearḃráiṫreaċaiḃ. Agus ar nimṫeaċd as sin dó, do ċuáiḋ sé go háit eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 12:17
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


Agus nuair ṫáinig sé amaċ, níor ḟéad sé laḃairt leo; agus do ḃí a ḟios aca go ḃfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanaṁ cóṁarṫa ḋóiḃ, agus d’ḟan sé balḃ.


Agus d’imṫiġ sé arís ṫar Iórnán anonn go dtí an áit ’n‐a raiḃ Eoin ag baisteaḋ ar dtús; agus d’ḟan sé annsin.


Uime sin níor ṡiuḃail Íosa go poibliḋe i measc na nIúdaċ ó’n am sin, aċt d’imṫiġ sé isteaċ sa tír atá i n‐aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Efráim; agus d’ḟan sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal.


Agus do sméid Síomón Ṗeadar airsean, agus aduḃairt sé leis, Innis dúinn cia ḋó go ḃfuil sé ag tagairt.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis.


Annsin do ṫógadar cloċa le caiṫeaṁ leis: aċt do ċuaiḋ Íosa i ḃfolaċ, agus d’imṫiġ sé as an teampall.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Aċt do lean Peadar ag bualaḋ: agus nuair d’ḟoscladar, do ċonnacadar é, agus ḃí uaṫḃás orṫa.


Nuair do ḃí sé ’n‐a lá, ḃí corruiġe nár ḃeag imeasc na saiġdiúir, i dtaoḃ ar éiriġ do Ṗeadar.


Agus d’éiriġ Pól ’n‐a ṡeasaṁ, agus ag bagairt ciúnais le n‐a láiṁ dó, aduḃairt sé, A ṗobail Israel, agus siḃ‐se ar a ḃfuil eagla Dé, éistiḋ.


Agus nuair ḃíodar ’n‐a dtost, d’ḟreagair Séamas, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, éistiḋ liom‐sa:


Agus d’imṫiġeadar as an bpríosún, agus ċuadar isteaċ i dtiġ Lidia: agus nuair do‐ċonnacadar na bráiṫreaċa, ṫugadar meisneaċ dóiḃ, agus d’imṫiġeadar.


Agus ṫugadar Alecsander amaċ as lár an tsluaiġ, na h‐Iúdaiġ g‐á ṡáṫaḋ rómpa. Agus do ḃagair Alecsander a láṁ orṫa, d’ḟonn pléiḋe leis na daoiniḃ.


Agus an lá ’n‐á ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Pól mar aon linn isteaċ i dtiġ Ṡéamais; agus ḃí na seanóirí go léir i láṫair, leis.


Ṫug sé an cead dó, agus, ’n‐a ṡeasaṁ do Ṗól ar an staiġre, do ḃagair sé a láṁ ar an bpobal; agus nuair do ḃí láin‐ċiúnas ann, do laḃair sé leo as an teangain Eaḃra, g‐á ráḋ,


Agus nuair fuaradar na bráiṫreaċa tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, ṫángadar as sin ag fáiltiú róṁainn ċóṁ fada le Margaḋ Appiuis, agus Na Trí Táḃairní: agus nuair ċonnaic Pól iad ṫug sé buiḋeaċas do Ḋia, agus do ġlac sé meisneaċ.


’N‐a ḋiaiḋ sin taiḋḃriġeaḋ é do Ṡéamas,


Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna.


Óir sara dtáinig daoine áiriṫe ó Ṡéamas, do ḃíoḋ sé ag iṫe i gcuideaċtain na gCineaḋaċ: aċt nuair ṫáinig siad‐san, do ṫarraing sé siar agus d’éaluiġ sé uaṫa, ar eagla luċta an timċeall‐ġearrṫa.


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ