Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 12:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus, san maċtnaṁ ḋó, ṫáinig sé go tiġ Ṁáire máṫair Eoin dárḃ ċóṁainm Marcus; mar a raiḃ mórán daoine cruinniġṫe le ċéile ag urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ġá ḃreaṫnuġaḋ sin dó, ṫáinic sé go tiġ Ṁáire, máṫair Eoin, ar ċóṁainm dó Marcus, mar a raiḃ mórán cruinniġṫe, agus iad ag guide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ansan, as a ṁaċtnaṁ, ṫáinig sé ċun tiġe Ṁáire, máṫair Eóin ar a dtugtí Marcus, agus ḃí mórán daoine cruinniġṫe ann agus iad ag déanaṁ úrnuiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ar mbreaṫnuġaḋ an neiṫese ḋó, ṫáinic sé go tiġ Ṁuire maṫair Eóin, dar coṁainm Marcus; áit a raḃadar mórán cruinn a ḃfoċair a ċéile, agus ag déunaṁ úrnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 12:12
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair ḃí gnó a seirḃíse déanta aca, ag breiṫ Eoin darḃ ċóṁainm Marcus i n‐éinḟeaċt leo.


Do congḃuiġeaḋ Peadar mar sin san bpríosún: aċt do ḃí urnaiġe d’á ḋéanaṁ go dúṫraċtaċ ar a ṡon ag an eaglais.


Agus do ċuaiḋ Pól agus a ċomplaċt ar luing ó Ṗafos, agus ṫángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imṫiġ Eoin uaṫa, agus d’ḟill sé go h‐Iarúsalem.


Agus nuair do ṡroiċeadar Salamis, do ċraoḃscaoileadar briaṫar Dé i sionagógaiḃ na nIúdaċ: agus ḃí Eoin mar ċongantóir aca.


Agus d’imṫiġeadar as an bpríosún, agus ċuadar isteaċ i dtiġ Lidia: agus nuair do‐ċonnacadar na bráiṫreaċa, ṫugadar meisneaċ dóiḃ, agus d’imṫiġeadar.


Agus ar n‐a ḃeiṫ scaoilte ḋóiḃ, ṫángadar ċum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt na h‐árd‐ṡagairt agus na seanóirí leo.


Beannuiġeann Aristárċus, cóṁ‐ṗríosúnaċ liom, beannuiġeann seisean daoiḃ, mar aon le Marcus, col ceaṫair Ḃarnabais (go ḃfuair siḃ órduiġṫe ’n‐a ṫaoḃ;


Ní ḟuil im’ ḟoċair aċt Lúcás aṁáin. Beir leat Marcus, agus taḃair i n‐éinḟeaċt leat é: óir atá sé tairḃeaċ dom le h‐aġaiḋ mo ṁiniostrálaċta.


Marcus, Aristarċus, Démas agus Lúcás, cóṁ‐oibriḋṫe liom.


An eaglais atá san mBaibiolóin, do toġaḋ i n‐éinḟeaċt liḃ‐se, beannuiġeann sí, mar aon lem’ ṁac Marcus, daoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ