Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 12:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus nuair do ċuadar ṫar an gcéad ġárda agus ṫar an dara gárda, ṫáinig siad go dtí an geata iarainn ṡeolas ċum na caṫraċ; d’ḟoscail sé ḋóiḃ uaiḋ féin: agus do ċuadar amaċ, agus do ṡiuḃladar rómpa sráid aṁáin; agus d’imṫiġ an t‐aingeal uaiḋ go h‐obann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 Agus ag dul ṫar an ċéad agus an dara gárda dóiḃ, ṫáinic siad go dtí an geafta iarainn a ṫreoruiġeas ċun na caṫraċ: agus d’ḟoscail sé dóiḃ uaiḋ féin. Agus ar ḋul amaċ dóiḃ, ċuaiḋ siad fríd sráid aṁáin: agus ar an ḃomaite d’imṫiġ an t-aingeal uaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus ċuadar ṫar an gcéad luċt faire agus ṫar an tarna luċt faire, agus ṫánadar ċun an ġeata iarainn, an geata ċun na caṫaraċ, agus d’osgail an geata uaiḋ féin dóiḃ. Ċuadar amaċ agus ṡiúḃluiġeadar aon tsráid aṁáin, agus ansan d’imṫiġ an t-aingeal go h-obann uaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus a nimṫeaċd dóiḃ tré san gcéud ḟaire agus tré san dara faire, tangadar ċum an ġéata íarainn, ṫréoraiġais ċum na caiṫreaċ; noċ do osgail ḋóiḃ úaḋ féin: agus ar ndul amaċ ḋóiḃ, do ṡiuḃladar ṫríd áon sráid aṁáin; agus ar an mball do imṫiġ an taingeal úaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 12:10
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


Agus oċt lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí a ḋeisceabail istiġ arís, agus Tomás ’n‐a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt, Síoṫċáin daoiḃ.


Agus nuair do ḃí sé gaḃṫa aige, do ċuir sé i bpríosún é, agus do ċuir sé fá ċúram gárda seisir saiġdiúir déag é; agus é de rún aige a ṫaḃairt amaċ i ḃfiaḋnaise an ṗobail i ndiaiḋ na Cásca.


agus go h‐obann d’éiriġ luascaḋ mór talṁan, i dtreo go raiḃ bun an ṗríosúin d’á ṡuaṫaḋ: agus ar an láṫair ḃí dóirse an ṗríosúin ar leaṫaḋ; agus geiṁleaċa gaċ duine scaoilte.


Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt,


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ