Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 11:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus ins na laeṫe seo ṫáinic fáiḋe ó Ierusalem ċun na h-Antuaiġe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus ins na laeṫiḃ sin do ṫáinig fáiḋí ó Ierúsalem go h-Antioċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus ann sna láeṫiḃ sin tangadar fáiḋe ó Iérusalém go Hantíoċia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 11:27
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa;


Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa.


Agus ṫáinig scéala ’n‐a dtaoḃ go cluasaiḃ muinntire na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem: agus do ċuireadar Barnabas uaṫa ċóṁ fada le h‐Antuaiġ:


Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.


Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ:


Annsin nuair do cuireaḋ ċum siuḃail iad, do ċuadar síos go h‐Antuaiġ; agus do ċruinniġeadar an pobal le ċéile, agus ṫugadar uaṫa an scríḃinn.


Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad.


Agus ar ndul i dtír ḋó i gCéasaria, do ċuaiḋ sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin ċuaiḋ sé síos go h‐Antuaiġ.


Agus ins na Laeṫiḃ deireannaċa, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gaċ feoil: Do‐ġéanaiḋ ḃúr gclann‐ṁac agus ḃúr gclanninġean tarngaireaċt, Agus ċífiḋ ḃúr n‐ógánaiġ aislingí, Agus béiḋ taiḋḃriḋṫe ag ḃúr seanóiriḃ:


Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’ḟanamar annsin seaċtṁain: agus do ḃíodar g‐á ráḋ le Pól tríd an Spiorad, gan cos do ċur i nIarúsalem.


Is aṁlaiḋ do ḃí ceaṫrar inġean ag an ḃfear sin, maiġdeana do ḋéanaḋ fáiḋeadóireaċt.


Agus do ṫaiṫin an ċóṁairle sin leis an gcóṁ‐ċruinniú: agus do ṫoġadar Stiofán, fear do ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilib, agus Próċorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteaċ ó Antuaiġ:


do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú;


Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.


agus bíonn spioraidí na ḃfáiḋ fá smaċt na ḃfáiḋ;


Aċt nuair ṫáinig Céfas go h‐Antuaiġ do ċuireas go dána ’n‐a éadan, ó ba léir dom é ḃeiṫ san éagcóir.


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ