Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 11:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus an feaḋ bliaḋna ḃí siad i gcóṁluadar le ċéile annsin san eaglais: agus rinne siad sluaġ mór a ṫeagasc, san ċruṫ gur goireaḋ Críostaiḋṫe de na deisciobail de’n ċéad uair san Antuaiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus ṫugadar bliain iomlán i gcóṁluadar na h-eagailse ann, agus ḋeineadar poḃal mór do ṫeagasg, i dtreó gur i n-Antioċ a tugaḋ ar dtúis Críostaiḋṫe ar na deisgiobuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus ar na ḟaġail do, rug sé ris é go Hantíoċia. Agus tárlá, go raḃadar ag gnáṫuġaḋ a ċeil feaḋ blíaḋna sa neagluís, agus gur teaguisgeaḋ léo iomad do ḋaoiniḃ, ionnus gur ab a Nantíoċia do goireaḋ ar tus Críosduiġṫe do na deiscioblaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 11:26
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


agus fuair Íosa agus a ḋeisceabail cuireaḋ ċum na bainse.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa.


Agus ṫáinig scéala ’n‐a dtaoḃ go cluasaiḃ muinntire na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem: agus do ċuireadar Barnabas uaṫa ċóṁ fada le h‐Antuaiġ:


Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ.


Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea:


Aċt nuair do ḃí na deisceabail ’n‐a seasaṁ ’n‐a ṫimċeall, d’éiriġ sé, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaṫair: agus lá ar n‐a ḃáraċ d’imṫiġ sé mar aon le Barnabas go Derbé.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


Agus d’ḟanadar tamall maiṫ annsin i ḃfoċair na ndeisceabal.


Agus nuair do ċeap sé imṫeaċt go h‐Aċáia, ṫug na bráiṫreaċa meisneaċ ḋó, agus do scríoḃadar ċum na ndeisceabal g‐á iarraiḋ orṫa a ġlacaḋ: agus nuair ṫáinig sé, ṫug sé congnaṁ mór dóiḃ‐sean do ċreid tré ġrása:


Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.


Nuair do ḃí deireaḋ leis an toirmeasc, do ċuir Pól fios ar na deisceablaiḃ, agus ṫug sé deaġ‐ċóṁairle ḋóiḃ, agus d’ḟág sé slán aca, agus d’imṫiġ sé le triall ar an Ṁaiceadóin.


agus éireoċaiḋ daoine ḋíḃ féin, laḃarfas as saoḃċainnt, d’ḟonn na deisceabail do ṫarraing ’n‐a ndiaiḋ.


Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’ḟanamar annsin seaċtṁain: agus do ḃíodar g‐á ráḋ le Pól tríd an Spiorad, gan cos do ċur i nIarúsalem.


Agus aduḃairt Agrippa le Pól, Is beag naċ g‐á aiteaṁ orm ḃeiṫ im’ Ċríostaiḋe atáir.


Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail.


Agus do ṫaiṫin an ċóṁairle sin leis an gcóṁ‐ċruinniú: agus do ṫoġadar Stiofán, fear do ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilib, agus Próċorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteaċ ó Antuaiġ:


agus do ġlac sé biaḋ agus fuair sé neart. Agus d’ḟan sé roinnt laeṫe i ḃfoċair na ndeisceabal do ḃí i nDamascus.


Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.


I dtosaċ scéil nuair ṫagas siḃ le ċéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraiḃ; agus creidim féin go ḃfuil cuid de’n ḟírinne ann.


Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.


Uime sin, nuair ḃíos an eaglais uile cruinn le ċéile, agus go laḃrann an uile ḋuine i dteangṫaċaiḃ, agus go dtagann daoine aineolaċa isteaċ, agus daoine naċ gcreideann, naċ n‐abróċaiḋ siad gur ar mire atá siḃ?


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.


ó n‐a n‐ainmniġtear gaċ cineaḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ,


Naċ iad do‐ḃeir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmniġtear siḃ?


Má masluiġtear siḃ ar son ainme Críost is aoiḃinn daoiḃ, óir luiġeann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraiḃ.


aċt má’s mar Ċríostaiḋe é, ná bíoḋ náire air; aċt taḃraḋ sé glóir do Ḋia as uċt an ainme seo.


Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ