Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 11:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus nuair a ṫáinic sé, agus ċonnaic sé grásta Dé, ḃí áṫas air: agus ḃrostuiġ sé iad uilig mairstin san Tiġearna le rún a gcroiḋe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Ṫainig sé agus ċonnaic sé an grásta ó Ḋia agus ḃí áṫas mór air agus ṫug sé cóṁairle do sna daoine go léir ḃeiṫ seasaṁaċ ’n-a gcroiḋe agus leanṁaint do’n Tiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus ar dteaċd ḋó, agus ar ḃfaicsin ġrása Dé, do ġaḃ gáirdeaċus é, agus do ṫeaguisg sé íad uile, fá anṁuin a ḃfoċair an Tiġearna ré rún croiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 11:23
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Agus nuair do ċonnaic Íosa a gcreideaṁ, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A ṁic, atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


Fanaiḋ ionnam‐sa, agus mise ionnaiḃ‐se. Fá mar naċ ḃféadann an ċraoḃ toraḋ do ṫaḃairt uaiṫi féin muna ḃfanann sí ar an ḃfíneaṁain; ní ḟéadann siḃ‐se, aċt an oiread, muna ḃfanann siḃ ionnam‐se.


Agus nuair do cuireaḋ scaipeaḋ ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdaċaiḃ agus de na prosélíteaċaiḃ cráiḃṫeaċa Pól agus Barnabas: do laḃradar‐san leo, g‐á spreagaḋ ċum fanaṁna i ngrás Dé.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


agus do ċuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaiġ, an áit as ar cuireaḋ iad fá ġrás Dé ċum na h‐oibre do ḃí críoċnuiġṫe aca.


aċt do ṫoġ Pól Sílas, agus d’imṫiġ sé, tar a éis do na bráiṫreaċaiḃ a ċur fá ċoimirce grása an Tiġearna.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus,


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Nuair do ḃíos ar an intinn sin, an raḃas corraċ? nó an ċóṁairle ar a gcinnim, an do réir na colna ċinnim uirṫi, ar ṁoḋ go mbeaḋ an ’seaḋ agus an ní h‐eaḋ im’ ḃéal agam i n‐éinḟeaċt.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Aċt do leanais‐se dem’ ṫeagasc, dem’ ḋeaġ‐iomċar, dem’ ċuspóir, dem’ ċreideaṁ, de’m ḟoiġid, dem’ ġráḋ, dem’ ṡeasṁaċt, dem’ ġéirleanaṁnaiḃ, dem’ anacraiḃ.


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé.


Ní mó an gáirdeaċas ḃíos orm ’ná a ċlos go ḃfuil mo ċlánn ag siuḃal san ḃfírinne.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ