Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 11:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair ċuaiḋ Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne luċt an timċeall‐ġearrṫa gearán leis, g‐á ráḋ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus nuair a ċuaiḋ Peadar suas go h-Ierusalem, ḃí conspóid ag luċt an timċeallġeárrṫa leis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Ansan nuair a ċuaiḋ Peadar suas go Ierúsalem ḃí luċt an tímpallġearrṫa ag aiġneas leis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ar ndul do Ṗeadar súas go Híarusalém, an drung do ḃí don timċeallġearraḋ do ḃádar ag connspóid ris,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 11:2
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus luċt an timċeall‐ġearrṫa do ċreid, an méid díoḃ ṫáinig i n‐éinḟeaċt le Peadar, do ḃí iongnaḋ mór orṫa de ḃriġ gur doirteaḋ tíoḋlacaḋ an Spioraid Naoṁ ar an Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus lá ar n‐a ḃáraċ, ag siuḃal dóiḃ‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcaṫair, do ċuaiḋ Peadar suas ar ḃárr an tiġe, tuairim na séṁaḋ h‐uaire, ċum urnaiġe do ḋéanaṁ:


Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaea, agus do ḃíodar ag teagasc na mbráiṫreaċ, g‐á ráḋ, Muna dtimċeall‐ġearrṫar siḃ de réir reaċta Ṁaoise, ní féidir ḃúr slánú.


Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.


má ṫagann sé ċugaiḃ, glacaiḋ leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de luċt an timċeall‐ġearrṫa iad‐san: is iad‐san aṁáin do ḃí ’n‐a gcóṁ‐oibriḋṫiḃ i n‐éinḟeaċt liom ar son ríoġaċta Dé, fir do ḃí mar ṡólás croiḋe ḋom.


Óir is iomḋa duine míriaġalta atá ann, luċt baoṫ‐ġlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timċeall‐ġearrṫa go h‐áiriṫe,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ