Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 10:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Agus luċt an timċeall‐ġearrṫa do ċreid, an méid díoḃ ṫáinig i n‐éinḟeaċt le Peadar, do ḃí iongnaḋ mór orṫa de ḃriġ gur doirteaḋ tíoḋlacaḋ an Spioraid Naoṁ ar an Cineaḋaċaiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Agus ḃí iongantas ar ċreidṁiġ an timċeallġeárrṫa, a ṫáinic le Peadar, gur doirteaḋ grásta an Spioraid Naoiṁ amaċ ar na ciniḋeaċa fosta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Agus luċt an tímpallġearrṫa a ṫáinig i n-aonḟeaċt le Peadar, ḃí uaṫḃás orṫa a ráḋ gur ṫáinig grásta an Spioraid Naoiṁ ar na geintiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Agus na creidṁiġe don timċeallġearraḋ ṫáinic ré Peadar, do ġaḃ uaṫḃás íad, do ḃríġ gur dóirteaḋ fós ar na Cineaḋaċaiḃ tioḋlacaḋ an Spioraid Naóiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 10:45
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ġlaoḋ sé isteaċ iad agus ṫug sé aoiġeaċt dóiḃ. Agus d’éiriġ sé lá ar n‐a ḃáraċ agus d’imṫiġ sé amaċ i n‐éinḟeaċt leo, agus cuid de na bráiṫriḃ ó Ioppé ’n‐a gcuideaċtain.


Agus nuair ċuaiḋ Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne luċt an timċeall‐ġearrṫa gearán leis, g‐á ráḋ,


Do‐ċuaḋais‐se isteaċ i measc daoine gan timċeall‐ġearraḋ orṫa, agus do ċaiṫis biaḋ ’n‐a ḃfoċair.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus aduḃairt Peadar leo, Déanaiḋ aiṫriġe, agus baistear gaċ duine agaiḃ i n‐ainm Íosa Críost ċum maiṫeaṁnais ḃúr bpeacaḋ; agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ an Spiorad Naoṁ mar ḃronntanas.


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


Sinne Iúdaiġ ó ḋúṫċas, agus naċ peacaiġ de Ċineaḋaċaiḃ sinn,


Cuiṁniġiḋ’ d’á ḃriġ sin, siḃ‐se Cineaḋaċa do réir na feola, ar a ḃfuil Neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ tugṫa mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timċeall‐ġearraḋ mar ainm, san ḃfeoil, do rinneaḋ le láṁaiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ