Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 10:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 aċt d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ do ḃí toġṫa ag Dia roiṁ ré, dúinne, do ḃí ag iṫe agus ag ól ’n‐a ḟoċair tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Ní do’n ṗobal uilig, aċt d’ḟiaḋnaisiġ a ḃí toiġte roiṁ ré ag Dia: dúinne ad’iṫ agus a d’ól ina ċuideaċta i ndiaiḋ a eiséiriġe ó ṁarḃaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Ní do’n ṗobul go léir, aċ d’ḟínniṫiḃ a ḃí ceapaiṫe ag Dia roim ré: dúinne, a ċaiṫ bia agus deoċ n’ḟoċair tar éis éiriġṫe ḋó ós na mairḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Ni don ṗobál uile aċd do na fíaḋnuisiḃ do ṫoġ Día roiṁ láiṁ, eaḋon dúinne, noċ do iṫ agus do iḃ na ḟoċair tar éis a éiseirġe ó ṁarḃaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 10:41
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é.


Agus is fiaḋnaisí siḃ‐se ar na neiṫiḃ sin.


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Aduḃairt Iúdás (níorḃ é Iscariót é) leis, A Ṫiġearna, cad fá ndeara gur dúinne ḟoillseoċair ṫú féin, agus naċ do’n tsaoġal é?


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


Ṫáinig Íosa, agus do ġlac sé ċuige an t‐arán, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus an t‐iasc mar an gcéadna.


ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.


agus, ’n‐a gcóṁluadar dó, d’órduiġ sé ḋóiḃ gan imṫeaċt as Iarúsalem, aċt fanaṁain le geallaṁain an Aṫar, do‐ċualaḃar, ar sé, uaim‐se:


Agus ataimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ do’n méid do‐rinne sé i gcríċ na nIúdaċ, agus i nIarúsalem; gur cuireaḋ ċum báis é, d’á ċroċaḋ ar ċrann.


agus do ḃí sé d’á ḟeicsin ar feaḋ mórán laeṫe aca‐san ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ḋó i láṫair na ndaoine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ