Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 10:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Íosa as Nasair: mar a rinne Dia é d’ungaḋ leis an Spiorad Naoṁ, agus le cuṁaċt, agus ċuaiḋ sé ṫart ag déanaṁ na maiṫe, agus ag leiġeas a mbíoḋ dá gcráḋaḋ ag an diaḃal, óir ḃí Dia leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Íosa ó Nasaret: ċonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naoṁ agus le cóṁaċt, agus gur ġluais sé ag déanaṁ tairḃṫe agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí fé annsmaċt an diaḃail, toisg Dia ḃeiṫ leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Cionnus do ung Día Iósa Nasárrġa ris an Spiorad Náoṁ agus lé cuṁaċdaiḃ: noċ do ċuáiḋ timċeall ag déunaṁ maiṫeasa, agus ag sláunuġaḋ gaċ a raiḃ fá leaṫtrom tré ċuṁaċdaiḃ an diaḃail; óir do ḃí Día maille ris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 10:38
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Aċt má’s le Spiorad Dé ċaiṫim‐se na deaṁain amaċ, is léir go ḃfuil ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.


Agus d’éiriġ Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a ḋeisceablaiḃ.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis a n‐uireasḃaiḋ creidiṁ. Agus do ċuaiḋ sé ag teagasc ins na bailtiḃ beaga ṫart timċeall.


agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus ag teaċt ċuige ḋó, do leag an deaṁan ar lár é, agus do ṫarraing sé as a ċéile é. Aċt do smaċtuiġ Íosa an spioraid neaṁ‐ġlan, agus do leiġeas sé an buaċaill, agus ṫug sé ar ais d’á aṫair é.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?


Féaċ, atá an uair ag teaċt, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gaċ duine agaiḃ ċum a ḃaile féin, agus ’n‐a ḃfágfaiḋ siḃ mise im’ aonar: aċt ċeana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Aṫair im’ ḟoċair.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


is eol daoiḃ féin an briaṫar sin, do craoḃscaoileaḋ ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an ḃaiste d’ḟógair Eoin;


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Do ġráḋuiġis an ḟíréantaċt, agus d’ḟuaṫuiġis an aindliġe; Uime sin d’ung Dia, do Ḋia‐sa, ṫú Le h‐ola an ġáirdeaċais os cionn do ċompánaċ.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ