Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 10:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus d’ḟoscail Peadar a ḃéal, agus aduḃairt, Go fírinneaċ is léir ḋom naċ ḃféaċann Dia do ḋuine seaċas a ċéile:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ag fosclaḋ a ḃéil do Ṗeadar, duḃairt sé: Go deiṁin féin tċím, naċ ndearcann Dia ar ṗearsain daoine ṫar a ċéile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Ansan d’osgail Peadar a ḃéal agus duḃairt sé: Is léir dom le fírinne ná féaċann Dia do ṗeansain seaċas pearsa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar nosglaḋ a ḃéil do Ṗeadar a duḃairt sé, Do ġeiḃim go fírinneaċ naċ ḃféuċann Día do ṗearsannaiḃ seaċ a ċéile:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 10:34
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


ṫáinig a ḋeisceabail ċuige: agus d’ḟoscail sé a ḃéal, agus do ṫeagaisc sé iad, g‐á ráḋ,


Agus do ċuireadar ceist air, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn go laḃrann agus go múineann tú mar is ceart, agus naċ ḃfuil beann agat ar ṗearsain, aċt go múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne:


Ar an aḋḃar sin do ċuireas fios ort‐sa; agus is maiṫ do‐rinnis agus teaċt. Sin é an fáṫ go ḃfuilmíd uile láiṫreaċ annso i ḃfiaḋnaise Dé, ċum ḃeiṫ ag éisteaċt le gaċ ar órduiġ Dia ḋuit a ráḋ.


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Agus d’ḟoscail Pilib a ḃéal, agus ag tosnú ḋó ó’n scrioptúir sin, d’innis sé i dtaoḃ Íosa ḋó.


óir ní ḟuil meas ag Dia ar ṗearsain duine seaċas a ċéile.


Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:


Agus siḃ‐se, a ṁáiġistrí, déanaiḋ ḋóiḃ‐sean mar an gcéadna, gan ḃeiṫ ag bagairt orṫa; agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil a Máiġistir‐sean agus ḃur Máiġistir‐se ar neaṁ, agus naċ ḃféaċann sé do ṗearsain duine seaċas a ċéile.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Óir an té do‐ġní an éagcóir, cúiteoċar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige,


A ḃráiṫre, coṫuiġiḋ creideaṁ ár dTiġearna ġlórṁair Íosa Críost gan meas ḃeiṫ agaiḃ ar ṗearsain duine seaċas a ċéile.


naċ mbíonn leiṫ‐ċeal d’á ḋéanaṁ agaiḃ ’n‐ḃur h‐intinn féin, agus naċ mbíonn siḃ ’n‐ḃur mbreiṫeaṁnaiḃ droċrúnaċa?


aċt má ṫugann siḃ meas do ṗearsain duine seaċas a ċéile, atá peacaḋ d’á ḋéanaṁ agaiḃ, agus atá siḃ daorṫa mar ċionntaiġ do réir an dliġe.


Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ