Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 10:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus duḃairt siad: Tá, Cornélius, ceanntúir, fear cóir a ḃfuil eagla Dé ann, agus deiġ-ċliú aige ó ċineaḋ na n-Iúdaċ go léir, fuair sé freagair ó aingeal naoṁṫa cur fá do ċoinne-se ċun a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫra uait.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus duḃradar-san: Cornélius, an taoiseaċ céad, fear atá fíoraonta úṁal do Ḋia agus go ḃfuil meas mór ag na Iúdaíġ go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naoṁṫa ’ġá ráḋ leis fios a ċur ortsa ċun a ṫíġe agus éisteaċt le cainnt uait.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃradarsan, Cornélius an caiptín, duine coṁṫrom, air a ḃfuil eagla Dé, agus fear deaġṫeasda ag an gcineaḋ Iúdaiġe uile, fuáir sé fógra ó Ḋía tré aingeal náoṁṫa fios do ċur ortsa dá ṫiġ féin, agus éisdeaċd ré briaṫra úaitse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 10:22
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt, ó ba ḋuine fíréanta Seosaṁ, a fear, agus nárḃ áil leis a maslú go poibliḋe, ba ṁian leis a cur uaiḋ ós íseal.


Annsin tugaḋ foráileaṁ i n‐aisling dóiḃ gan filleaḋ ar Ioruaṫ, agus do ċuadar bóṫar eile ar ais ċum a dtíre féin.


óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air.


Agus féaċ, fear darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir,


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo ḃriaṫra, buḋ nár le Mac an Duine eisean, nuair ṫiocfas sé ’n‐a ġlóir féin, agus i nglóir a Aṫar agus na naoṁ‐aingeal.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.


Ní h‐ar a son‐san aṁáin atáim ag guiḋe, aċt ar son na ndaoine ċreideas ionnam tré n‐a mbriaṫar; ċum go mba aon iad uile;


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Is í an spioraid do‐ḃeir beaṫa; ní ḟuil tairḃe ar biṫ sa ḃfeoil: na briaṫra atá ráiḋte agam liḃ, is spioraid agus is beaṫa iad.


D’ḟreagair Síomón Peadar é, A Ṫiġearna, cia ċum a raċaimís? is agat‐sa atá briaṫra na beaṫaḋ síorraiḋe.


go raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, fear do‐ḃeireaḋ a lán déirce do na daoiniḃ, agus do ḃíoḋ de ġnáṫ ag guiḋe Dé.


Agus do ċuaiḋ Peadar síos ċum na ḃfear, agus aduḃairt, Féaċ, is mise an té atá siḃ d’iarraiḋ: cia an fáṫ go dtáinig siḃ?


Agus aduḃairt Cornélius, Ceiṫre lá ó ṡoin, go dtí an uair seo, do ḃíos ag guiḋe ar an naoṁaḋ h‐uair im’ ṫiġ: agus féaċ, do ḃí fear ’n‐a ṡeasaṁ im’ ḟiaḋnaise agus éadaċ geal air,


Ar an aḋḃar sin do ċuireas fios ort‐sa; agus is maiṫ do‐rinnis agus teaċt. Sin é an fáṫ go ḃfuilmíd uile láiṫreaċ annso i ḃfiaḋnaise Dé, ċum ḃeiṫ ag éisteaċt le gaċ ar órduiġ Dia ḋuit a ráḋ.


atá sé ar lóistín i dtiġ Ṡíomóin, fear leasuiġṫe leaṫair, go ḃfuil a ṫeaċ i n‐aice na fairrge.


laḃarfaiḋ seisean briaṫra leat ṡlánóċas ṫú féin, agus muinntear do ṫeaġlaiġ go léir.


Agus Ananias, fear diaḋa de réir an reaċta, agus deaġ‐ṫuairisc air i measc na nIúdaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin,


agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.


Uime sin, a ḃráiṫreaċa, toġaiḋ ’n‐ḃúr measc féin móirṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.


Óir is ann foillsiġtear fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ ċum creidiṁ: mar tá scríoḃṫa, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan.


Agus is ó Ḋia atá gaċ uile niḋ, do réiḋtiġ leis féin sinn tré Ċríost, agus ṫug miniostrálaċt an réiḋtiġ ḋúinn,


Ṫairis sin, ní folair deaġ‐ṫeist ḃeiṫ ag na daoiniḃ atá amuiġ air; ar eagla go dtuitfeaḋ sé i scannal agus i ndol an diaḃail.


Aċt mairfiḋ m’ḟíréan tré ċreideaṁ; Agus má ċasann sé siar, ní ḟuil taiṫneaṁ a ṫuilleaḋ ag m’anam ann.


Óir is d’á ḃárr fuair ár sinnsir deaġ‐ṫeist.


go cóṁċruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ġein, go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé, breiṫeaṁ an uile ḋuine, agus ċum spioraidí na ḃfíréan diongḃálta,


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Atá deaġ‐ṫeist ag cáċ agus ag an ḃfírinne féin ar Ḋémetrius; agus do‐ḃeirimíd féin fiaḋnaise, leis; agus atá a ḟios agat gur fíor í ár ḃfiaḋnaise.


ólfaiḋ sé d’ḟíon díḃeirge Dé, atá doirtṫe gan meascaḋ i gcupán a ḟeirge; agus ciapfar é le teiniḋ agus le ruiḃ i ḃfiaḋnaise na naoṁ‐aingeal, agus i ḃḟiaḋnaise an Uain:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ