Gníoṁarṫa 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 óir do‐rinne Eoin baisteaḋ go dearḃṫa le h‐uisce; aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ taoḃ istiġ de ḃeagán laeṫe. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)5 Óir ḃaist Eoin go dearḃṫa le h-uisce, aċt baistfear siḃ-se leis an Spiorad Naoṁ i gcionn beagán laeṫe ó seo. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)5 Gur ḋein Eóin baiste le h-uisge aċ go ndéanfar siḃse do ḃaiste leis an Spioraid Naoṁ laistiġ de ḃeagán laeṫanta. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)5 Oir do ḃaisd Eóin go deiṁin lé huisge, aċd baisdfiḋṫear siḃse leis an Spiorad Náoṁ táoḃ a sdiġ don ḃeagan laiṫeaḋsa. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |