Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 1:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Do ḃíodar uile ag leanaṁain de ṫoil a ċéile i n‐urnaiġe, mar aon leis na mnáiḃ, agus le Muire máṫair Íosa, agus le n‐a ḃráiṫreaċaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Lean siad seo uilig ar’aon toil aṁáin de ḃeiṫ ag urnaiġe mar aon leis na mná, agus le Muire, máṫair Íosa, agus le n-a ḃráiṫre:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ḃíodar san go léir ag leanṁaint do ṫoil a ċéile i n-úrnuiġṫe mar aon leir na mnáiḃ agus le Muire Máṫair Íosa agus le n-a ḃráiṫriḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Do ċoṁuiġeadar so uile lé héantoil aṁáin a nurnuiġe, agus a nguiḋe, maille ris na mnáiḃ, agus lé Muire maṫair Iósa, agus lé na ḃráiṫreaċuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 1:14
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le linn cainnte leis an bpobal dó, féaċ, do ḃí a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leis.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.


agus aduḃradar, Go fírinneaċ do b’é Mac Dé é sin. Agus do ḃí ann mórán ban i ḃfad uaiḋ ag féaċain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag frioṫáileaṁ air:


Agus do ḃí mná ann i ḃfad uaiḋ, agus iad ag féaċain air: orṫa‐san do ḃí Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais ḃig agus Iósés, agus Salómé;


Agus nuair do ḃí an tsabóid ṫart, do ċeannuiġ Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais, agus Salómé spíosraiḋe, ċum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é.


Ar an aḋḃar sin, má’s eol daoiḃ‐se, agus siḃ go h‐olc, deaġ‐ṫaḃartais do ḃronnaḋ ar ḃúr gclainn, naċ mó go mór ḃronnfas ḃúr nAṫair atá ar neaṁ an Spiorad Naoṁ orṫa‐san iarras air é?


Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ;


Agus a luċt aiṫeantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do ṡeasadar i ḃfad uaiḋ, ag féaċain ar na neiṫiḃ sin.


Agus na mná ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ċonnacadar an tuama, agus cionnas ḃí a ċorp curṫa ann.


Agus do b’iad Máire Ṁagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Ṡéamais, agus na mná eile do ḃí n‐a ḃfoċair d’innis na neiṫe sin do na h‐abstalaiḃ.


Agus d’éiriġeadar an uair ċéadna sin, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leo i ḃfoċair a ċéile,


agus do ḃídís de ġnáṫ sa teampall, ag aḋṁolaḋ Dé.


Agus do h‐inniseaḋ ḋó, Atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre ’n‐a seasaṁ amuiġ, agus ba ṁaiṫ leo ṫú d’ḟeicsin.


Agus nuair ṫáinig lá Cingcíse, do ḃíodar uile i n‐éinḟeaċt ar aon láṫair.


Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.


Agus d’ḟanaidís gaċ lá d’aon toil san teampall, agus do ḃrisidís arán ó ṫiġ go ṫiġ, ag caiṫeaṁ a mbiḋ le h‐áṫas agus le simpliḋeaċt croiḋe,


Aċt leanfaimíd‐ne de’n urnaiġe i gcóṁnaiḋe, agus de ċraoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair.


ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain;


Uime sin, an té laḃras i dteangain, guiḋeaḋ sé go mbéiḋ ar ċumas dó an míniú do ṫaḃairt.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Leanaiḋ go buan de’n urnaiġe, agus biḋiḋ go h‐aireaċ innti,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ