Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 6:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir an té ċuireas fá ċóṁair na colna, is truailleaċt ó’n gcolainn ḃainfeas sé; aċt an té ċuireas fá ċóṁair an Spioraid, is í an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḃainfeas sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Oír an tí ṡiolċuireas don ċoluinn buainfiġ sé truailliġeaċd don ċoluinn; aċd an tí ṡiolċuireas don Sbioruid buáinfiḋ se an ḃeaṫa ṁarṫanaċ don Sbioruid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 6:8
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


ar son ríoġaċta Dé, naċ ḃfaġaiḋ i ḃfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoġal atá le teaċt an ḃeaṫa ṡíorraiḋe.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


An té ḃaineas do‐ġeiḃ sé tuarastal, agus cnuasann sé toraḋ le h‐aġaiḋ na beaṫaḋ síorraiḋe; ċum go mbéiḋ áṫas ar an síoladóir agus ar an mbuanaiḋe i n‐éinḟeaċt.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


Agus má ċóṁnuiġeann Spiorad an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ ionnaiḃ, an té do ṫóg Íosa ó na marḃaiḃ beoḋóċaiḋ sé ḃur gcuirp ṡo‐ṁarḃṫa mar an gcéadna tré n‐a Spiorad ċóṁnuiġeas ionnaiḃ.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Óir is ionann an meon colnaiḋe agus an bás, aċt is ionann an meon spioradálta agus an ḃeaṫa agus an tsíoṫċáin:


Mar sin d’aiséirġe an ċuirp. Curtar an corp ’n‐a niḋ truailliḋe: éiriġeann sé ’n‐a niḋ neaṁṫruailliḋe:


Ná mealltar sinn; ní féidir cluain do ċur ar Ḋia: óir cibé niḋ ċuireas an duine, is é an niḋ céadna sin ḃainfeas sé.


Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


Agus is iad luċt déanta na síoṫċána ċuireas go síoṫċánta an síol as a dtig an ḟíréantaċt.


Aċt scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainṁiḋṫe brúideaṁla do réir dúṫċais, do ċruṫuiġeaḋ ċum ḃeiṫ gaḃṫa agus scriosta, ag laḃairt dóiḃ go masluiġṫeaċ ar neiṫiḃ naċ dtuigid,


ag geallaṁain saoirse ḋóiḃ, agus iad féin fá ḋaor‐smaċt truailleaċta, óir bíonn gaċ duine fá ḋaoirse ag an niḋ fuair an ḃuaiḋ air.


agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe.


An té do‐ġní an éagcóir, déanaḋ sé an éagcóir i gcóṁnaiḋe: an té atá neaṁ‐ġlan, fanaḋ sé neaṁ‐ġlan i gcóṁnaiḋe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naoṁṫa, déantar é naoṁṫa i gcóṁnaiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ