Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 6:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Aċt scrúduiġeaḋ gaċ duine a ġnó féin, agus annsin béiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais ’n‐a ṫaoḃ féin aige, ní i dtaoḃ an duine ṫallé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Aċd déunaḋ gaċ áon a obair féin dearḃṫa, agus mar sin biáiḋ aḋḃar gáirdeaċais aige ḋá ṫáoḃ féin aṁáin, agus ní do ṫáoḃ ḋuine eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 6:4
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Scrúduiġeaḋ duine é féin, agus iṫeaḋ sé an t‐arán agus ólaḋ sé an cupán d’á réir sin.


Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair.


Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair.


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.


agus ċum ḃur n‐áṫais san gcreideaṁ; ċum gur méadú meanman daoiḃ i nÍosa Críost mo ṫeaċt ’n‐ḃur láṫair arís.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ