Agus aduḃairt sé, Is mairg daoiḃ‐se, leis, a luċt dliġe! óir cuireann siḃ ualaiġe ar na daoiniḃ ṫar a rioċt, agus ní ċuireann siḃ féin oiread agus bárr méire ar aon ualaċ díoḃ.
Agus iarraimíd oraiḃ, a ḃráiṫre, taḃraiḋ raḃaḋ do na fallsóirí, taḃraiḋ meisneaċ do na daoiniḃ atá lag‐ċroiḋeaċ, biḋiḋ mar ṫaca do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, biḋiḋ foiġdeaċ leis an uile ḋuine.
Aċt an té ḋearcas isteaċ san dliġe beaċt, dliġe na saoirse, agus leanas ag dearcaḋ, gan ḃeiṫ ’n‐a éistiġṫeoir dearmadaċ, aċt ’n‐a ḟear gníoṁ do ḋéanaṁ, beannóċar an duine sin ’n‐a ġníoṁ.
an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.