Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 6:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Oír a Níosa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ, aċd sa gcrúṫuġaḋ núaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 6:15
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃriġ sin, má ċoiṁeádann an duine neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa a ḃfuil órduiġṫe san dliġe, naċ n‐áirṁfear a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ mar ṫimċeall‐ġearraḋ ḋó?


Óir ní fír‐lúdaċ an duine atá ’na lúdaċ ar an taoḃ amuiġ, agus ní ṫimċeall‐ġearraḋ é sin atá ar an taoḃ amuiġ de’n ċolainn;


D’á ḃriġ sin do h‐aḋlacaḋ sinn mar aon leis ṫríd an mbaisteaḋ ċum báis: ar ṁoḋ, fá mar tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ tré ġlóir an Aṫar, gur mar sin ṡiuḃalfaimíd i saoġal úr‐nua.


Ní ḟuil damnú, d’á ḃriġ sin, i ndán do na daoiniḃ atá i nÍosa Críost, naċ siuḃlann do réir na colna, aċt do réir an Spioraid.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


agus cuiriḋ umaiḃ an nua‐ḋuine atá cruṫuiġṫe do réir Dé i ḃfíréantaċt agus i ḃfíor‐naoṁṫaċt.


óir is sinne luċt an ḟír‐ṫimċeall‐ġearrṫa, do‐ġní aḋraḋ tré Spiorad Dé, agus do‐ġní maoiḋṁeaċas as Íosa Críost,


Agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, aduḃairt sé, Féaċ, atáim ag déanaṁ an uile niḋ as an nua. Agus aduḃairt sé, Scríoḃ: óir is fírinneaċ, ionnraic na briaṫra so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ