Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 6:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Uime sin an feaḋ atá an tám aguinn, déunam maiṫ do na huile ḋáoiniḃ, agus go mórṁór do luċd éintiġe an ċreidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 6:10
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é!


is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas, Béiḋ gráḋ agat dod’ ċóṁarsain, agus fuaṫ dod’ náṁaid:


Agus aduḃairt sé leo, Cia aca is dleaġṫaċ, an ṁaiṫ do ḋéanaṁ, nó an t‐olc do ḋéanaṁ, lá na sabóide? anam duine do ṡlánú nó do ṁilleaḋ? Aċt d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.


Caiṫfimíd oibreaċa an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann: atá an oiḋċe ag teaċt nuair naċ ḃféadann aon duine obair do ḋéanaṁ.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Uime sin aṫċuinġim oraiḃ ḃur ngráḋ do ḋearḃaḋ ḋó.


ní ċualadar d’á ráḋ aċt, An té do rinne géirleanṁain orainn roiṁe seo, atá sé anois ag fógairt an ċreidiṁ go ndearna sé léirscrios air tráṫ;


D’á ḃriġ sin ní ḟuil siḃ níos mó ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ, ná ’n‐ḃur ndeoraiḋṫiḃ, aċt atá siḃ ’n‐ḃur luċt aon‐ċaṫraċ leis na naoṁaiḃ, ’n‐ḃur luċt aointiġis ag Dia,


ó n‐a n‐ainmniġtear gaċ cineaḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ,


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


ag baint tairḃe as an uain, óir is olc iad na laeṫe seo.


Aċt do‐ġním gáirdeaċas mór san Tiġearna, de ḃriġ gur aiṫḃeoḋuiġ siḃ anois ar deireaḋ ḃur gcúram im’ ṫaoḃ‐sa: is fíor go raiḃ siḃ cúramaċ, aċt do ṫeastuiġ faill uaiḃ ċuige.


Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.


Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.


froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Óir atá an t‐am tagṫa ċum tosnuiġṫe ar ḃreiṫeaṁnas ag tiġ Dé: agus má’s againne ṫosnóċas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal Dé?


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


D’á ḃriġ sin, má ṫagaim, cuirfead i gcuiṁin dó na gníoṁarṫa atá d’á ndéanaṁ aige, ag laḃairt ’n‐ḃur n‐aġaiḋ as cainnt ṁailísiġ: agus ní n‐é aṁáin sin é, aċt ní ġlacann sé féin na bráiṫre ċuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a ḋéanaṁ, agus caiṫeann sé as an eaglais amaċ iad.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ