Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 5:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Do ḃí siḃ ag riṫ go maiṫ: cia h‐é do ċuir cosc liḃ fá ḃeiṫ uṁal do’n ḟírinne?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 As maiṫ do rioṫaḃair; cía ċuir tóirmeasg oruiḃ fá ḃeiṫ úṁal do mḟírinne?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 5:7
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.


Aċt níor éist an uile ḋuine leis na deaġ‐scéalaiḃ. Mar adeir Ésáias, A Ṫiġearna, cia ċreid ár dtuairisc?


Óir ní leoṁfad laḃairt aċt ar na neiṫiḃ do‐rinne Críost ṫríom‐sa, ċum na Cineaḋaiġ do ḋéanaṁ uṁal, le briaṫraiḃ agus le gníoṁarṫaiḃ, tré ċumas mór‐ċóṁarṫaí agus iongantaisí,


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,


Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin;


Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.


bíonn saṁlaiḋeaċt, agus gaċ árd‐aiḋm ċuireas i n‐aġaiḋ eolais Dé d’á leagaḋ againn, agus gaċ smaoineaḋ d’á ċur fá smaċt na h‐uṁlaċta do Ċríost;


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


A Ġalátaċa gan ċéill, cia h‐é do ċuir fá ḋraoiḋeaċt siḃ, gur noċtaḋ Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cóṁair ḃur súl?


Atá muiniġin agam asaiḃ san Tiġearna, naċ mbéiḋ siḃ ar aṫrú intinne: aċt an té atá ag d éanaṁ buaiḋearṫa ḋaoiḃ, iomċarfaiḋ sé a ḃreiṫeaṁnas, cibé cia h‐é féin.


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair fuair sé an ġairm, d’uṁluiġ sé agus d’imṫiġ sé amaċ go h‐áit do ḃí le fáġáil aige mar oiḋreaċt ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’imṫiġ sé amaċ, gan a ḟios aige cá raiḃ a ṫriall.


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ