Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 5:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oír an drung as le Críosd do ċeusadar an ċolan maille ré na toil agus ré na míanġusuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 5:24
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


Aċt gaċ duine ’n‐a ṡeal féin: Críost mar ċéadtoraḋ; ’n‐a ḋiaiḋ sin na daoine is le Críost, nuair ṫiocfas sé.


agus is le Críost siḃ‐se; agus is le Dia Críost.


An biaḋ do’n ḃolg, agus an bolg do’n ḃiaḋ; aċt cuirfiḋ Dia deireaḋ leo araon. Anois ní le h‐aġaiḋ striapaċais atá an ċolann, aċt le h‐aġaiḋ an Tiġearna; agus atá an Tiġearna le h‐aġaiḋ na colna.


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.


íoḋal‐aḋraḋ, piseogaċt, náiṁdeaċas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontaċt, aicmí, formad,


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


do réir a raiḃ ceapṫa aige leis na ciantaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna:


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


’n‐ár timċeall‐ġearraḋ siḃ le timċeall‐ġearraḋ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, leis an timċeall‐ġearraḋ atá i gCríost, ag cur cuirp na feola ḋíḃ; ó h‐aḋnaċaḋ siḃ mar aon leis san mbaisteaḋ,


A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ