Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 5:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 ólaċán, dreaḃlas, agus a leiṫéidí eile: fógraim daoiḃ roiṁ ré, mar aduḃras liḃ ċeana, na daoine ċleaċtas a leiṫéidí sin, naċ ḃfaiġiḋ siad oiḋreaċt i ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Tnúṫ, dúnṁarḃaḋ, meisge, cráos, agus a saṁail sin: ar a laḃruim riḃ roiṁ láiṁ, aṁuil do innis mé ḋáoiḃ roiṁe, naċ ḃfuiġe an drung do ní a saṁail so óiġreaċda rioġaċda Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 5:21
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.


Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.


Agus ná biḋiḋ ar meisce le fíon; ainṁeasarḋaċt is eaḋ é sin, aċt biḋiḋ lán de’n Spiorad;


óir is de ḋeascaiḃ a leiṫéidí sin ṫig díḃeirg Dé ar ċlainn na h‐easuṁlaċta;


Óir na daoine ċodlas, is san oiḋċe ċodlas siad, agus na daoine ḃíos ar meisce, is san oiḋċe ḃíos siad ar meisce.


Naċ cuiṁin liḃ gur inniseas an méid sin daoiḃ nuair ḃíos ’n‐ḃur ḃfoċair?


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


Óir ba leor an t‐am atá imṫiġṫe ṫart ċum toil na bPágánaċ do ḋéanaṁ, ag siuḃal i ndreaḃlas, i n‐ainṁiantaiḃ, i n‐ólaċán, i gcraos, i bpótaireaċt agus i n‐íoḋal‐aḋraḋ déisteanaċ.


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ