Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 5:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Anois atá gníoṁarṫa na colna follasaċ, mar atá, striapaċas, neaṁ‐ġlaine, drúis,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Tuilleaḋ eile, is follas oibreaċda na colla, mar atá; Aḋaltrannas, sdríopṫaċas, neaṁġloine, macnas,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 5:19
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An niḋ geintear ó’n gcolainn, is colann é; agus an niḋ geintear ó’n sṗiorad is spiorad é.


Óir atá a ḟios agam naċ longuiġeann deaġ‐niḋ ar biṫ ionnam‐sa, is é sin im’ ċolainn: óir is toil liom de ġnáṫ an deaġ‐niḋ do ḋéanaṁ, aċt ní ḟuil ar ċumas dom an deaġ‐niḋ do ċur i ngníoṁ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.


Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


Óir na daoine ṁaireas do réir na colna bíonn meon colnaiḋe aca: aċt na daoine ṁaireas do réir an spioraid bionn meon spioradálta aca.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


Seaċnaiḋ an striapaċas. Gaċ peacaḋ do‐ġní an duine atá sé taoḃ amuiġ de’n ċorp; aċt an té do‐ġní striapaċas, do‐ġní sé peacaḋ i n‐aġaiḋ a ċuirp féin.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Óir bíonn mianġas na colna ag cur i gcoinniḃ an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinniḃ mianġais na colna; mar tá siad i n‐aġaiḋ a ċéile; ar ṁóḋ naċ ḃféadann siḃ na neiṫe dob’ áil liḃ do ḋéanaṁ.


Óir an té ċuireas fá ċóṁair na colna, is truailleaċt ó’n gcolainn ḃainfeas sé; aċt an té ċuireas fá ċóṁair an Spioraid, is í an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḃainfeas sé.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ