nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.
Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.
agus má ṫuigeann sé naċ do’n duine fíréan do cumaḋ an dliġe, aċt do ḋaoiniḃ míriaġalta, easuṁla, do ḋaoiniḃ neaṁ‐ḋiaḋa agus do ṗeacaċaiḃ, do ḋaoiniḃ mí‐naoṁṫa, masluiġṫeaċa, do luċt marḃṫa aiṫreaċ agus máiṫreaċ, do ḋún‐ṁarḃṫóiriḃ,