Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 4:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃríġ go ḃfuiltí ḃur gcloinn, do ċuir Día úaḋ ann ḃur gcroiḋṫuḃ Spiorad a Ṁic féin, ġoireas, Abbá, Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 4:6
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé, Abbá, a Aṫair, atá gaċ niḋ ar ċumas duit; cuir an cupán so ḋíom: ná déantar, áṁ, an niḋ is toil liom‐sa, aċt an niḋ is toil leat‐sa.


Ar an aḋḃar sin, má’s eol daoiḃ‐se, agus siḃ go h‐olc, deaġ‐ṫaḃartais do ḃronnaḋ ar ḃúr gclainn, naċ mó go mór ḃronnfas ḃúr nAṫair atá ar neaṁ an Spiorad Naoṁ orṫa‐san iarras air é?


Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


aċt nuair ṫángadar i n‐aice le Misia, do ċuireadar rómpa dul i mBitinia; aċt níor leig Spiorad Íosa ḋóiḃ dul ann;


agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ.


an té do ċuir séala orainn, agus do ċuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ.


Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse.


’n‐ar ċuir siḃse, leis, tar a éis daoiḃ briaṫar na fírinne do ċlos, soiscéal ár slánuiġṫe — an té ’n‐ar ċreideaḃar, agus gur cuireaḋ séala Spioraid Naoiṁ na geallaṁna oraiḃ,


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


Agus ná cuiriḋ doilġíos ar Spiorad Naoṁ Dé, ó n‐ar cuireaḋ séala oraiḃ ċum lae an ḟuascailte.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Óir is eol dom go raċaiḋ sin ċum slánuiġṫe ḋom, de ḃárr ḃur n‐urnaiġṫe agus tré ċongnaṁ Spioraid Íosa Críost,


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ.


Aċt, a ċáirde, tógaiḋ siḃ féin ar ḃun ḃur gcreidiṁ ṡár‐naoṁṫa, ag urnaiġe san Spiorad Naoṁ,


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ