28 Anois, a ḃráiṫre, is clann geallaṁna siḃ, dálta Íosóig.
28 Uime sin, a ḋearḃraiṫre, is sinne clann na geallaṁna, do réir Isaac.
Is siḃ‐se clann na ḃfáiḋ, agus clann an ċonnarṫa do‐rinne Dia le n‐ḃúr sinnsearaiḃ, g‐á ráḋ le h‐Abraċam, Id’ ṡlioċt‐sa beannóċar clanna an doṁain go léir.
agus ní h‐i dtaoḃ gur daoine de ṡlioċt Abraċaim iad gur daoine d’á ċloinn iad go léir: aċt, I nÍosóg ainmneoċar slioċt duit.
Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.
Aċt rugaḋ mac an ċailín daoirseaċta de réir na feola; aċt rugaḋ mac na saor‐ṁná do réir geallaṁna.
Grása ár dTiġearna Íosa Críost go raiḃ ar ḃur spiorad, a ḃráiṫre. Amen.