Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 4:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 A ċlann ḃeag, go ḃfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐ḃur dtaoḃ nó go ngeintear Críost ionnaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 A ċlann ḃeag, agá ḃfuilim a rís ré nioḋnuiḃ ḃur dtimċeall nó go ndealḃṫar Críosd ionnuiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 4:19
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar mbeiṫ ḋó i bpian‐ḃroid ċráiḋte, ba ḋéine do ġuiḋ sé: agus d’éiriġ a ċuid allais mar ḃéaḋ braoin fola ag tuitim ċum talṁan.


Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


Feaċaiḋ, seo í an treas uair atáim ullaṁ ċum teaċt ċugaiḃ; agus ní ḃéidead mar ualaċ oraiḃ, óir ní h‐é ḃur gcuid atáim do ṡanntú, aċt siḃ féin: óir ní h‐iad an ċlann gur dual dóiḃ soláṫairt fá ċóṁair na dtuismiġṫeoir, aċt gur dual na tuismiġṫeoiriḃ soláṫairt do’n ċlainn.


nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta,


agus cuiriḋ umaiḃ an nua‐ḋuine atá cruṫuiġṫe do réir Dé i ḃfíréantaċt agus i ḃfíor‐naoṁṫaċt.


Óir is é Dia m’ḟiaḋnaiḋe ar an dúil ṁóir ċuirim ionnaiḃ go léir le caoṁ‐ġráḋ Íosa Críost.


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


Bíoḋ an dearcaḋ agaiḃ do ḃí ag Íosa Críost:


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


Óir ba ṁian liom a ċur i ḃfios daoiḃ a ḋéine is tá an troid atá d’á déanaṁ agam ar ḃur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile naċ ḃfaca mo ġnúis san ḃfeoil;


agus ó tá an nua‐ḋuine curṫa umaiḃ agaiḃ, agus é d’á aṫnuaḋaḋ i n‐eolas do réir íoṁáiġe an té do ċruṫuiġ é.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Aċt is aṁlaiḋ do ḃíomar caoin‐ċeannsa ’n‐ḃur measc, mar ḃéaḋ buime ag oileaṁain a clainne féin:


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.


atáim ag déanaṁ impiḋe ort ar son mo ṁic do ġeineas im’ ċuiḃreaċaiḃ, Onésimus,


mise Pól atá g‐á scríoḃaḋ lem’ láiṁ féin, íocad‐sa as: gan a ċur i gcuiṁin duit go ndliġir‐se d’anam féin dom.


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


Is d’á ṫoil féin do ġein sé le briaṫar na fírinne sinn, ċum go mbéimís mar ċéad‐ṫorṫa a ḃfuil cruṫuiġṫe aige.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


Is é an fír‐Ḋia, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ é seo. A ċlann ḃeag, coiṁeádaiḋ siḃ féin ar íoḋalaiḃ.


Ní mó an gáirdeaċas ḃíos orm ’ná a ċlos go ḃfuil mo ċlánn ag siuḃal san ḃfírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ