Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 3:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus más lé Críosd siḃ, as siḃ síol Abraham gan aṁras, agus oiġriġe do réir na geallaṁna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 3:29
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus ná h‐abraiḋ ’n‐ḃúr n‐aigne: Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ gur féidir le Dia clann do ṫógáil d’Abraċam de na cloċaiḃ seo.


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


Aċt gaċ duine ’n‐a ṡeal féin: Críost mar ċéadtoraḋ; ’n‐a ḋiaiḋ sin na daoine is le Críost, nuair ṫiocfas sé.


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost.


Óir má’s ó’n dliġe ṫáinig an oiḋreaċt, ní mar ġeall ar ġeallaṁain ṫáinig sé: aċt ṫug Dia d’Abraċam é tré ġeallaṁain.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Bíoḋ a ḟios agaiḃ d’á ḃriġ sin, na daoine atá i muiniġin an ċreidiṁ, gur ab iad clann Abraċaim iad.


Adeirim anois, ċóṁ fada agus ḃíos an t‐oiḋre ’n‐a leanḃ, naċ mbíonn deifir idir é agus scláḃaiḋe, má tá féin go ḃfuil sé ’n‐a ṫiġearna os cionn an uile niḋ;


Ar ṁoḋ naċ ḃfuilir id’ scláḃaiḋe níos faide, aċt id’ ṁac; agus má táir id’ ṁac, atáir id’ oiḋre leis, de ḋeoin Dé.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


Agus an méid ṡiuḃalfas de réir na riaġla so, go raiḃ síoṫċáin, agus trócaire orṫa go léir, agus ar Israel Dé.


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


go nduḃraḋ ’n‐a ṫaoḃ, is i nÍosóg ainmneoċar slioċt duit:


Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe.


Uime sin, ó ṫárla gur ṁian le Dia buain‐tseasṁaċt a raiḃ ceapṫa aige i gcóṁair oiḋrí na geallaṁna do ṫaisbeáint níos cruinne, ṫug sé an mionn isteaċ:


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ