Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 3:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt do réir na Scrioptúra, atá cáċ i ngéiḃeann ag an bpeacaḋ, ċum go dtiuḃrṫaí an ġeallaṁain tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd dfág an sgrioḃtuir na huile ḋáoine dúnta fáoi ṗeacaḋ, ionnus go dtiuḃarṫáoi an ġeallaṁuin ó ċreideaṁ Iósa Críosd don druing ċreideas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 3:22
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Ṫáinig mé mar ṡolas ar an saoġal, ionnas cibé ċreideas ionnam, naċ ḃfanfaḋ sé sa dorċaċt.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Agus aduḃradar‐san, Creid san Tiġearna Íosa, agus saorfar ṫú ḟéin agus do ṫeaġlaċ.


is é sin briaṫar an ċreidiṁ ḟógraimíd‐ne: má adṁuiġeann tú led’ ḃéal gur Tiġearna Íosa, agus má ċreideann tú id’ ċroiḋe gur ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é, go slánóċar ṫú:


Óir do ċuir Dia an uile ḋuine i nglasaiḃ an ṁí‐ċreidiṁ, ċum go ndéanfaḋ sé trócaire ar an uile ḋuine.


is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann;


óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé;


Ar an aḋḃar sin, fá mar ṫáinig an peacaḋ ar an saoġal tré ḋuine aṁáin, agus an bás tríd an bpeacaḋ, ionnas go dtáinig an bás ċum an uile ḋuine, de ḃriġ go raiḃ peacaḋ déanta ag an uile ḋuine:


ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.


Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ.


Aċt sul a dtáinig an creideaṁ, do ċongḃuiġeaḋ sinn fá’n dliġe i gcoiṁeád fá ċóṁair an ċreidiṁ do ḃí le foillsiú ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Agus má’s le Críost siḃ, is slioċt Abraċaim siḃ, leis, oiḋrí de réir na geallaṁna.


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.


tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ.


Aċt do réir a ġeallaṁna, atáimíd ag súil le neaṁ úr‐nua agus le talaṁ úr‐nua, ar a ndéanfaiḋ fíréantaċt cóṁnaiḋe.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ