Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Galatiánaċ 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Adeirim anois, Tiomna do ḃí dearḃuiġṫe roiṁ ré ag Dia, an dliġe ṫáinig ceiṫre céad agus deiċ mbliaḋna fiċead ’n‐a ḋiaiḋ sin, naċ gcuireann sé ar gcúl é, ċum an ġeallaṁain do ċur ar neaṁ‐niḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus a deirim so, náċ ccuireann an reaċd, noċ do ṫosuiġ a gcionn ċeiṫre gcéud agus deiċ mblíaḋan ḃfiṫċead na ḋiaiġ, an connraḋ do ḋaingniġeaḋ roiṁe, ré Día a dtáoḃ Ċríosd, a neimbríġ, ionnas go gcuirfeaḋ sé an ġeallaṁuin ar gcúl.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Galatiánaċ 3:17
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Agus do laḃair Dia leis ar an gcuma so, go ndéanfaḋ a ṡlioċt cóṁnaiḋe i dtír ċoiṁiġṫiġ, agus go gcuirfiḋe fá ḃraiġdeanas iad, agus fá leaṫtrom ar feaḋ ceiṫre céad bliaḋan.


an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé;


Má tá féin go raiḃ cuid aca dí‐ċreideaṁaċ, an ḃfágfaiḋ a n‐easbaiḋ creidiṁ fírinne Dé gan éifeaċt?


Is é seo adeirim, go n‐abrann gaċ duine agaiḃ, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise.


Óir ní ċum baiste do ḋéanaṁ do ċuir Críost uaiḋ mé, aċt ċum an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaiḋe neaṁniḋ de ċrois Ċríost.


Créad adéarfas mé mar sin? Gur éinniḋ an niḋ íoḋbartar d’íoḋal, nó gur aon rud íoḋal?


Aċt is é adeirim‐se, a ḃráiṫre, go ḃfuil an t‐am d’á aiṫ‐ġearraḋ ’n‐a raiḃ siad‐san go ḃfuil mná aca mar ḃéidís gan mná;


Dá ṁéid iad geallaṁnaċa Dé, is ann atá an ’seaḋ: agus d’á ḃriġ sin is tríd adeirtear Amén, ċum glóire Dé trínne.


Agus cuiṁniġiḋ air seo, An té ċuireas go gann, is gann ḃainfeas sé; agus an té ċuireas go fial, is fial ḃainfeas sé.


A ḃráiṫre, is ar ṁoḋ daoine atáim ag laḃairt: Giḋ naċ ḃfuil ann aċt tiomna daonna, nuair dearḃuiġtear é, ní ḟéadann aoinneaċ a ċur ar gcúl, nó cur leis.


An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt.


Uime sin adeirim, Siuḃlaiḋ do réir an Spioraid, agus ní ċóiṁlíonfaiḋ siḃ mianġas na colna.


Atá siḃ deiġilte ó Ċríost; an méid díḃ gur mian liḃ ḃur ḃfíréanú tríd an dliġe; atá siḃ tuitṫe ó ġrása.


cuiṁniġiḋ go raḃaḃar dealuiġṫe ó Ċríost an tráṫ sin, gearrṫa ó ṁuinntir Israel, ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ do ċoinġeallaċaiḃ na geallaṁna, gan dóċas, gan Dia san tsaoġal.


Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,


Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Óir atá aiṫne do ḃí ann roiṁe sin d’á cur ar ceal, toisc í ḃeiṫ lag,


do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ